Foilsithe ar 

An tAire Humphreys ag taisteal go Philadelphia do Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2016

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag taisteal go Philadelphia inniu (Dé hAoine) do Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2016. Shocraigh na mílte imireach as Éirinn in Philadelphia i ndiaidh dóibh éalú go cósta thoir na Stát Aontaithe le linn bhlianta an Ghorta.

Mar chuid dá turas, casfaidh an tAire le mórphearsana polaitiúla, lena n-áireofar an Méara Jim Kenney agus an Leifteanant-Gobharnóir Mike Stack, agus le heagraíochtaí pobail Éireannacha agus grúpaí gnó Gael-Mheiriceánacha. Dé Domhnaigh beidh an tAire Humphreys ag stiúradh seirbhís ag Leacht Cuimhneacháin na hÉireann i gcuimhne orthu siúd a theith as Éirinn le linn an Ghorta.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Is deis é Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir, ní hamháin chun tragóid an Ghorta a thabhairt chun cuimhne, ach freisin chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid ollmhór atá curtha ag imircigh Éireannacha leis an saol i gcathracha ar nós Philadelphia. Tá pobal na hÉireann fréamhaithe go daingean i gcathair Philadelphia, áit a maíonn 14% den daonra gur de shinsear na hÉireann iad.

“An deireadh seachtaine seo, beimid ag cuimhneamh ar íospartaigh Ghorta Mór na hÉireann; tréimhse thragóideach inár stair, nuair a d’fhulaing ár sinsear ocras agus cruatan nach bhféadfadh muidne a shamhlú. Tháinig na mílte Éireannach go cósta thoir na Stát Aontaithe ag cuardach dídine in Philadelphia, Bostún agus Nua Eabhrac.

“D’fhulaing go leor de na Gaeil, a tháinig as ceantair tuaithe ina mbaile uirbeach nua leithcheal agus bochtaineacht ar shráideanna Philadelphia. In ainneoin an chruatain sin, bhí ról tábhachtach ag na Gaeil níos faide anonn i ré na tionsclaíochta, ag tógáil iarnróid, droichid agus canálacha, agus de réir a chéile d’éirigh leo tionchar a imirt ar shochaí Mheiriceá. Sa lá atá inniu ann, tá Philadelphia ar cheann de na cathracha is Éireannaí sna Stáit Aontaithe.

“Trí feasacht a mhéadú ar ghorta i ndomhan an lae inniu, agus plé a spreagadh ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta ar chabhair agus chúnamh éigeandála dóibh siúd atá ar an ngannchuid, tá feidhm tábhachtach á chomhlíonadh ag Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir. I measc thorthaí an ghorta in Éirinn tá an comhbhá as cuimse atá ag Éireannaigh dóibh siúd atá buailte leis an ocras faoi láthair agus an tiomantas a eascraíonn as sin, do chabhair dhaonnúil agus faoiseamh dhaonnúil.”