Foilsithe ar 

An tAire Humphreys chun ceiliúradh a dhéanamh ar chéad bliain ó bunaíodh Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar

Beidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., i láthair inniu (Dé Sathairn) ag ceolchoirm speisialta a dhéanamh comóradh ar chéad bliain ó bunaíodh Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar mar ospidéal agus mar ionad téarnaimh chun cúram agus cóir leighis a chur ar fáil do shaighdiúirí a gortaíodh nó a fágadh faoi mhíchumas i bhFórsaí Armtha na Breataine.  

 

Beidh an tUasal Eugene Magee, Cathaoirleach Bhord Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar, ina fhear an tí ag an gceolchoirm a chuimseoidh ceol Armbhanna Uimhir a 1 Óglaigh na hÉireann agus Banna Ceoil Reisimint Ríoga na hÉireann in éineacht.  Seolfar stair an ospidéil ón Dr Eoin Kinsella, dar teideal – Leopardstown Park Hospital 1917 – 2017: A Home for Wounded Soldiers’ ag an ócáid freisin. 

 

Agus í ag labhairt inniu, bhí an méid seo le rá ag an Aire Humphreys:

“Bhí Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar ina áit sóláis agus tearmainn do na saighdiúirí leonta agus spíonta a d’fhill ar an mbaile ó láithreacha catha an Chéad Chogadh Domhanda. Tháinig siad abhaile le gortuithe tromchúiseacha fisiciúla agus lorg síceolaíoch orthu ón méid a bhí feicthe acu sna trínsí.  Bhí Páirc Bhaile na Lobhar ar cheann de bhreis is 100 ospidéal deonach a bunaíodh idir 1914 agus 1918 chun freastal ar a riachtanais. Inniu, táimid ag tabhairt chun cuimhne agus ag tabhairt ómóis freisin d’fhoireann leighis agus altrachta an ospidéil a thug aire do na saighdiúirí leonta agus a bhí tuisceanach agus cineálta dóibh agus chaith leo le dínit. 

 

“Tá searmanas an lae inniu suite i gcomhthéacs mór-ócáidí cuimhneacháin Stáit anseo in Éirinn agus thar lear i mbliana chun comóradh a dhéanamh ar phríomhimeachtaí an Chéad Chogadh Domhanda i 1917.  Bhí tionchar ag na himeachtaí móra seo ar bheagnach gach pobal ar oileán na hÉirenan.  Tá deis tugtha ag Dheich mBliana na gCuimhneachán dúinn iad siúd a throid agus a bhásaigh a thabhairt chun cuimhne agus breathnú ar na scéalta casta a bhaineann le rannpháirtíocht na hÉireann sa Chogadh sin. 

 

“Trí chur chun cinn ócáidí cuimhneacháin atá uileghabhálach agus iontaofa, agus a dhéanann iarracht an tsíocháin agus an t-athmhuintearas ar oileán na hÉireann a threisiú, táimid ag cur chun cinn iniúchadh ar na dearcthaí difriúla atá ann ar ár stair chomhroinnte.  Tá feasacht aibí forbartha againn ar chomhthéacs an ama, a léiríonn meas ar dhearcthaí difriúla.  Agus sin á dhéanamh againn, táimid bogtha ar aghaidh ar ár dturas i dtreo sochaí atá níos tuisceanaí ar ár stair chorraitheach.”