Foilsithe ar 

An tAire Madigan ag moladh do dhaoine óga tabhairt faoin gcruthaitheacht do Chruinniú na nÓg 2020 ar líne

Tá os cionn 460 gníomhaíocht, imeacht agus píosa craoltóireachta ar líne saor in aisce deimhnithe do Chruinniú na nÓg 2020 cheana féin

Tá moladh tugtha ag an Aire do RTÉ agus d'fhoirne cultúir na n-údarás áitiúil as a dtacaíocht chun Cruinniú na nÓg a sheachadadh

Is cuid d'fheachtas #InThisTogether an Rialtais  Cruinniú na nÓg 2020

                                                          

Déanfar Cruinniú na nÓg 2020, lá náisiúnta na hÉireann don ghníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce do leanaí agus do dhaoine faoi 18 mbliana d'aois, a cheiliúradh Dé Sathairn an 13 Meitheamh 2020, agus mhol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan T.D. inniu do dhaoine óga ar fud na tíre dul ar líne, páirt a ghlacadh agus tabhairt faoin gcruthaitheacht don Chruinniú.

Dúirt an tAire Madigan: 

Is suntasach agus is éagsúil iad na dúshláin atá romhainn ar fad mar gheall ar phaindéim COVID-19 - go háirithe sa réimse ina gcuirimid seirbhísí agus gníomhaíochtaí díreacha ar fáil do shaoránaigh na tíre. Bhí nuálaíocht agus cruthaitheacht de dhíth chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo, agus tá aird dírithe arís ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do na saoránaigh is óige le taithí a fháil ar an gcruthaitheacht - triail a bhaint as rudaí nua, an cumas cruthaitheachta atá ó nádúr iontu féin a thabhairt chun aire agus chun foirfeachta. Mar sin beidh Cruinniú na nÓg á cheiliúradh arís againn Dé Sathairn an 13 Meitheamh beag seo, lena bhfuil roinnt gníomhaíochtaí don chruthaitheacht, cultúr agus rannpháirtíocht forbartha againn ina mbeidh leanaí, daoine óga - an teaghlach ar fad go deimhin - ábalta dul i mbun na cruthaitheachta ina dteach féin agus ina ngairdín féin Dé Sathairn an 13 Meitheamh.

Is comhoibriú Cruinniú na nÓg 2020 idir Clár Éire Ildánach na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, na h-údaráis áitiúla agus RTÉ, agus beidh gach imeacht don Chruinniú in 2020 ar fáil ar líne, le roinnt imeachtaí ar chainéil agus ar ardáin éagsúla RTÉ, lena n-áirítear RTÉ 2, RTÉjr, podchraolta RTÉjr, RTÉ Home School Hub, RTÉ.ie/Learn, agus RTÉ.ie/Culture.

Ta 460 imeacht deimhnithe go dtí seo agus tá na sonraí ar fad le fáil ar https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/.  I measc na n-imeachtaí sin tá glao chun gnímh ar fud na tíre mar Céilí sa Chistin agus Cuirimis Eitleog in Airde, imeachtaí séimhe filíochta do leanaí faoi 4 le Branar Téatar do Pháistí.  Tá neart gníomhaíochtaí beartaithe go m'fhéidir go mbeadh ar leanaí agus ar dhaoine óga cleachtadh a dhéanamh dóibh anois, nó dul i mbun na hoibre orthu roimh ré nó beidh réimse mór millteach gníomhaíochtaí le sult a bhaint astu ar siúl ar an lá, ó cheardlanna agus ranganna go ceadail agus píosaí léitheoireachta agus go leor eile.

Dúirt an tAire Madigan chomh maith: 

Níl sé ach cúpla seachtain ó shin ó d'fhógair mé go mbeifí ag leanúint ar aghaidh le Cruinniú na nÓg 2020, agus tá freagra iontach faighte ó shin i leith againn ó leanaí - agus ó theaghlaigh - ó ar fud na tíre maidir lenár "nGlao chun Gnímh". Ach ní bheadh dada de seo ag tarlú gan an freagra dochreidte a thug ár bpáirtithe Foirne Cultúir i ngach ceann den 31 údarás áitiúil, chomh maith leis na grúpaí agus eagraíochtaí ealaíon, cultúir, oidhreachta agus pobail, ealaíontóirí, lucht ceardaíochta agus lucht cruthaitheach a thug aghaidh ar an dúshlán le deiseanna fiúntacha a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a bheith cruthaitheach an 13 Meitheamh.

Ghlac an tAire Madigan buíochas chomh maith le RTÉ as an ról níos mó atá glactha ag an stáisiún as imeachtaí agus gníomhaíochtaí Chruinniú na nÓg 2020 a óstáil.

I measc buaicphointí chlár RTÉ do Chruinniú na nÓg 2020 tá:

·         Scoil Scannánaíochta Úrnua - Treoir ón dream a bhfuil cos istigh acu maidir le do chuid scannán féin a chur le chéile le samplaí ó stiúrthóirí óga na tíre (1pm, Dé Sathairn an 13 Meitheamh RTÉ2);

·         My Creative Life - 17 bpodchraoladh ar RTÉjr;

·         Pop Up Poetry for Little Peeps- Ocht ngearrthóg bheochana shaincheaptha do RTÉjr;

·         Céilí sa Chistin - ar RTÉ Home school Hub agus ar RTÉ.ie/Learn;

·         Cuirimis Eitleog in Airde - ar RTÉ Home school Hub agus ar RTÉ.ie/Learn;

·         Códú do Chruinniú - ar RTÉ Home school Hub agus ar RTÉ.ie/Learn;

·         We Create Magic – rapcheol saincheaptha le Scoil Náisiúnta Cappabue agus GMC Beats (Dé Sathairn an 13 Meitheamh RTÉ2)

·         Dancing By Distance (Dé Sathairn an 13 Meitheamh RTÉ2)

·         Bí i do Choimeádaí Scéil (Dé Sathairn an 13 Meitheamh RTÉ.ie/Learn)

 

Dúirt Dee Forbes, Príomhstiúrthóir RTÉ

Tá ríméad ar RTÉ ról tábhachtach a ghlacadh arís i dtacaíocht a thabhairt do chlár Chruinniú na nÓg. Cé go raibh RTÉ páirteach sa Chruinniú ón gcéad lá riamh, d'fhéadfá a rá gurb é clár na bliana seo, agus muid i lár paindéim dhomhanda, an clár is tábhachtaí agus is dúshlánaí - go dtí seo. Mar atá feicthe againn lá i ndiaidh lae le cúpla mí anuas, cuireann an chruthaitheacht bealach ar fáil do dhaoine óga na tíre a bheith dearfach, an domhan nua seo ina bhfuilimid ar fad a scrúdú agus iad féin a chur in iúl. Mar sin, is tráthúil atá sé tríd an gclár ábhair atá leagtha amach againn do Chruinniú na nÓg ar fud na teilifíse, raidió agus ar líne, go leanann RTÉ de bheith ag cur tacaíocht ar fáil agus ag spreagadh na cruthaitheachta maidir leis na saoránaigh is óige sa tír, sa bhaile ina dtithe agus ina ngairdíní féin i mbliana, áit a bhfuil siad slán sábháilte.  Guím gach rath ar gach duine atá ag glacadh páirte.

NÓTA D'EAGARTHÓIRÍ

Is clár cultúrbhunaithe é Clár Éire Ildánach atá ina thionscnamh uile-Rialtais trína gcuirtear an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí, agus atá leagtha amach chun folláine aonair, pobail agus an náisiúin a chur chun cinn. Is é an bunsmaoineamh go mbíonn páirt i ngníomhaíocht chultúrtha ina spreagadh ag an gcruthaitheacht phearsanta agus ag cruthaitheacht an chomhair, agus go mbíonn tionchar aici sin ar fholláine agus gnóthachtáil an duine aonair agus an tsochaí. Tá sé bunaithe ar chúig cholún: Scód a ligean le Cumas na Cruthaitheachta i ngach Leanbh; Bonn a chur faoin gCruthaitheacht i ngach Pobal; Infheistíocht in Infreastruchtúr na Cruthaitheachta agus an Chultúir; Éire mar Lárionad Barr Feabhais maidir le Léiriúchán na Meán Cruthaitheachta; Clú na hÉireann ar fud an Domhain. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg agus is ceann de phríomhghníomhaíochtaí  Óige Ildánach é, - plean chun cumas cruthaitheach gan linbh agus duine óig a chumasú. Faigheann Cruinniú na nÓg tacaíocht ó Údaráis Áitiúla agus ó RTÉ. Reáchtáladh an chéad Cruinniú na nÓg, a raibh breis is 500 gníomhaíocht chruthaitheacha saor in aisce mar chuid de, Dé Sathairn an 23 Meitheamh 2018.  Reáchtáladh os cionn 750 imeacht ar fud na tíre anuraidh, agus bhí teacht níos fearr ag leanaí fud fad na tíre ar ghníomhaíochtaí saor in aisce don chruthaitheacht.

Maidir le Cruinniú na Óg 2020 leanfaidh údaráis áitiúla de bheith ag obair i gcomhar le grúpaí agus cleachtóirí ealaíon agus cruthaitheachta chun go mbeidh Cruinniú na nÓg ar fáil i dtithe ar fud na tíre, agus tabharfaidh Clár Éire Ildánach tacaíocht maidir le réimse gníomhaíochtaí agus dúshlán - moltar do rannpháirtithe torthaí na ngníomhaíochtaí agus na ndúshlán a roinnt ar líne le hÉire Ildánach agus le RTÉ #ÉireIldánach.

Tá Clár Éire Ildánach i gcomhar le páirtithe cruthaitheacha agus RTÉ ag cur tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ar líne chun a chur ar chumas leanaí agus daoine óga féith na cruthaitheachta a chur ag obair. Tugtar cuireadh do chách ár gcultúr agus an chruthaitheacht a cheiliúradh agus páirt a ghlacadh ar líne anois agus muid ag fáil faoi réir do Chruinniú na nÓg Dé Sathairn an 13 Meitheamh 2020. Beidh tuilleadh sonraí agus acmhainní ar fáil ar láithreán gréasáin Éire Ildánach agus ardáin RTÉ ó seo go dtí Dé Sathairn an 13 Meitheamh, an dáta sin san áireamh – féach www.creativeireland.gov.ie agus www.rte.ie. Chomh maith leis sin beidh údaráis áitiúla ag reáchtáil réimse gníomhaíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus imeachtaí Cruinniú na nÓg ar líne - beidh na sonraí ar fad le fáil ar  www.creativeireland.gov.ie.