Foilsithe ar 

An tAire Madigan chun cosaint do bhithéagsúlacht na hÉireann a mhéadú

Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan TD ar tí a chur mar oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí cosaint do bhithéagsúlacht na hÉireann a mhéadú. 

 

Cheadaigh an Rialtas inniu leasú molta ar an Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2018 agus cuirfear faoi bhráid an tSeanaid i mí Bealtaine é ag Céim na Tuarascála. Leis an leasú beidh sé d’oibleagáid ar gach comhlacht poiblí, lena n-áirítear ranna Rialtais, údaráis áitiúla, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, ESB, Ervia, Eirgrid agus Iarnród Éireann tuairisciú chuig an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar na bearta a bhfuiltear ag tabhairt fúthu chun caomhnú na bithéagsúlachta a chur chun cinn chomh maith leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlachta.

 

Dúirt an tAire Madigan “Is ionann bithéagsúlacht agus gach beathachruth, ó na plandaí is bídí agus ainmhithe aoncheallacha go mórchrann darach agus míol mór. Is ionann í agus córas cothaithe na beatha - táimid ag brath uirthi do bhia, pailniú, torthúlacht na hithreach, aer agus uisce glan.

“Tá bithéagsúlacht plandaí, feithidí, mamach agus éan ag dul i léig ar fud an domhain ag ráta nár facthas riamh cheana i stair an duine. Tá drochbhail nó bail uireasach ar 85% de ghnáthóga cosanta na hÉireann agus tá breis is 50% díobh ag meath. Meastar 14% de na speicis a ndearnadh measúnú orthu a bheith i mbaol.

“Ní mór do na hearnálacha ar fad a gcuid a dhéanamh má tá an dúlra le cosaint agus an tír le bheith ina háit níos fearr do dhaoine agus don bhithéagsúlacht. Áirítear i bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht an Rialtais go ndéanfaí dualgas i leith na bithéagsúlachta a leagan ar fud na hearnálacha go léir lena chinntiú go ndéantar bithéagsúlacht a chur chun cinn agus tionchair a gcuid oibre a mhaolú.

“Féadfaidh siad a chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh na reachtaíochta go léir agus tuilleadh a dhéanamh chun bithéagsúlacht a choinneáil agus cur léi agus a bheith freagrach maidir le haon tionchar, dearfach nó diúltach, a bheidh ag a gcuid oibre.”

Áirítear ar shamplaí praiticiúla de sin go ndéanfaí sealúchas Ranna agus gníomhaireachtaí a bhainistiú ar chostas íseal agus a bheadh níos tairbhí don dúlra. Tá go leor páirceanna a bhfuil áiteanna a ndéantaí iad a bhearradh gach seachtain ach atá anois á mbainistiú mar mhóinéir, rud a thugann deis d’éagsúlacht shaibhir plandaí, feithidí agus éan teacht chun cinn. Is féidir crainn agus plandaí dúchasacha a chur in áit toir andúchasacha agus is féidir speicis ionracha a smachtú.

“Tá an Roinn seo i mbun gníomh suntasach cheana féin chun bithéagsúlacht na hÉireann a chosaint agus cur léi. Tá comhoibriú déanta againn ar fud an Rialtais chun gníomhartha um oiriúnú a dhréachtú chun ár n-acmhainneacht in aghaidh Athrú Aeráide a mhéadú. Is tríd an bPlean um Oiriúnú d’Athrú Aeráide a rinneamar sin. 

 

“Tá teagmháil déanta againn le hearnálacha agus iarrtha againn orthu tuilleadh a dhéanamh ar mhaithe leis an Dúlra agus cuidiú leis an bhfeachtas “Síolta don Dúlra” ag an gcéad Chomhdháil Náisiúnta Bithéagsúlachta níos túisce i mbliana. 

 

Tá reachtaíocht thábhachtach dréachtaithe ag an Roinn lena chinntiú go dtabharfaidh comhlachtaí poiblí aird ar bheartais, ar threoirlínte agus ar chuspóirí chun caomhnú na bithéagsúlachta a chur chun cinn chomh maith leis an bplean gníomhaíochta bithéagsúlachta.

 

“Tuigimid go gcaithfear gníomhú ar fud na sochaí agus déanfar dul chun cinn in éineacht leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Núálaíochta ar Ardán Gnó agus Bithéagsúlacht sa bhliain 2019 chun deiseanna dea-chleachtais a thabhairt i leith caomhnaithe laistigh de ghnó agus na slabhraí soláthair a thapaíonn siad.

 

“Tá an Roinn ag éisteacht leis na héilimh atá ann ón tsochaí trí chéile, éilimh go ndéanfaí tuilleadh ar mhaithe leis an Dúlra, trí aighneachtaí a rinneadh faoi phróiseas comhchomhairleoireachta Oidhreachta 2030.”  

 

Tá maoiniú curtha ar fáil againn d’údaráis áitiúil chun feasacht a ardú ag an leibhéal áitiúil, chun cur ar chumas pobail áitiúla a bheith níos forghníomhaí ionas gur féidir linn na hathruithe ó bhonn a dhéanamh is gá chun an taoide a iompú maidir le ró-ídiú, díghrádú agus truailliú.