Foilsithe ar 

An tAire Madigan le ceiliúradh idirnáisiúnta ar chultúr agus traidisiún na hiománaíochta a stiúradh i bPáras

Tá Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, le freastal ar cheiliúradh ar chultúr agus traidisiún na hiománaíochta a bheidh ar siúl in Ambasáid na hÉireann chun na Fraince i bPáras ar an Déardaoin, 18 Deireadh Fómhair 2018,

Beidh an ócáid seo, arna reáchtáil ag an Ambasadóir Dermot Nolan, Ionadaí Buan na hÉireann chun UNESCO, ar siúl chun ceiliúradh a dhéanamh ar an iománaíocht agus chun an méid a chuireann sí le cultúr na hÉireann ar leibhéal idirnáisiúnta a roinnt. Tá iománaíocht á meas faoi láthair lena cur le Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Daonna.

Beidh Ambasadóirí chun UNESCO i measc aíonna na hócáide agus chomh maith leis sin tabharfaidh an tAire óráid agus beidh cuir i láthair ón CLG, Cumann Camógaíochta, lucht léann, agus John Fenton, buaiteoir chluiche ceannais iománaíochta na hÉireann, ina leagfar béim ar fhorbairt agus ar stair iománaíocht na bhfear agus na mban, ar thábhacht an chluiche do na pobail áitiúla in Éirinn agus freisin ar an méid a chuireann an cluiche le féiniúlacht chultúrtha na hÉireann.

Ag labhairt di roimh an ócáid, dúirt an tAire Madigan:

Tá tábhacht mhór ag baint leis an iománaíocht dár náisiún agus tá ról speisialta aici inár stair agus inár bhféiniúlacht chultúrtha. Ar leibhéal áitiúil, cuirtear clubanna ar fud na tíre - cosúil le mo chlub áitiúil féin, Kilmacud Crokes - ag croílár na bpobal áitiúil mar gheall ar an obair a dhéanann na himreoirí agus oibrithe deonacha. Ar léibhéal contae agus náisiúnta, tagaimid le chéile bliain i ndiaidh bliana agus glúin i ndiaidh glúine chun tacaíocht a thabhairt d’fhoirne ár gcontaetha agus chun dathanna ár gcontaetha a chaitheamh. Is cóir mar sin, ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá curtha ag an iománaíocht le cultúr agus féiniúlacht na hÉireann, agus an traidisiún fada a bhaineann léi, agus an méid sin a roinnt ar leibhéal idirnáisiúnta, agus is cúis áthais dom go bhfuil an deis agam tacaíocht a thabhairt don CLG agus don Chumann Camógaíochta é sin a dhéanamh.

Dúirt Uachtarán an CLG, John Horan, a bhí in éineacht leis an Aire Madigan ag an ócáid:

Is uathúil an ní í an iománaíocht, mar ní hamháin gurb í ar gcluiche náisiúnta í, ach is ní í a ghineann caipiteal féiniúlachta agus sóisialta ar scála mór freisin. Is léiriú iad na 250,000 imreoir atá ag gníomhú faoi láthair ar cé chomh tarraingteach atá sí mar chluiche agus ar tóir atá uirthi, atá de shíor ag fás, ar leibhéal náisiúnta. Léiriú eile ar an méid seo is ea an fás atá ag teacht uirthi i measc pobail dhúchasacha ar leibhéal idirnáisiúnta agus is iontach an rud ar fad é líon na Meirceánach agus na nGearmánach ó dhúchas atá ag imirt an chluiche anois. Fáiltíonn an Cumann roimh an deis seo scéal an chluiche a scaipeadh agus is mór againn an deis atá á cur ar fáil ag an Ambasadóir Dermot Nolan an méid sin a dhéanamh.

Agus í i bPáras tabharfaidh an tAire Madigan cuairt ar Centre Culturel Irlandais, príomhionad cultúir na hÉireann san Eoraip freisin. Cuireann Centre Culturel Irlandais clár d’ealaíona na hÉireann ar siúl gach bliain le tacaíocht ó Chultúr Éireann agus cuireann sé tréimhsí cónaitheachta ar fáil i bPáras d’ealaíontóirí Éireannacha chun a gcuid saothar a fhorbairt. Buailfidh an tAire le healaíontóirí atá ina gcónaí ann faoi láthair agus glacfaidh sí páirt i bpleanáil don todhchaí mar go bhfuil ról lárnach ag an ionad in Éire Dhomhanda 2025, tionscnamh an Rialtais chun an tionchar atá ag lorg domhanda na hÉireann a mhéadú.