Foilsithe ar 

An tAire Stáit Kyne ag seoladh #TrasnaNadTonnta 2019

Sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD feachtas #TrasnaNadTonnta ag Ceannáras Twitter i mBaile Átha Cliath inniu.
Is ócáid í #TrasnaNadTonnta a chruthaíonn cibear-Ghaeltacht ar líne agus beidh sé ar siúl i mbliana ón Luan, an 4 Feabhra, go dtí an Aoine, an 8 Feabhra 2019.
Ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Stáit Kyne:
“Tá mé ag súil go mór le teachtaireachtaí i nGaeilge, ó dhaoine ar fud na cruinne, a fheiceáil ar na meáin shóisialta an tseachtain seo agus an ócáid #TrasnaNadTonnta ar siúl.”
“Is léiriú iontach í Trasna na dTonnta ar na féidireachtaí atá ann chun an teicneolaíocht nua-aimseartha a úsáid chun ár dteanga dúchais a thabhairt do phobail ar fud na cruinne, agus nasc a chruthú idir iad siúd a bhfuil grá acu don teanga, pé áit ar domhan ina bhfuil siad. Is cúis bród dom go bhfuil an feachtas ceannródaíoch seo á mhaoiniú ag mo Roinn, tríd an tacaíocht a thugann muid do Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada.”
“Tuigim gur ghlac daoine i mbreis is 80 tír páirt i Trasna na dTonnta anuraidh, nuair a sheoladh 10,663 tvúit leis an haischlib, ag cruthú gur teanga dhomhanda í an Ghaeilge. Bhí sé iontach na teachtaireachtaí ar fad a sheol daoine ar fud na cruinne a fheiceáil. Tugann sé léargas iontach dúinn ar an obair atá ar bun chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an domhain agus tá súil agam go dtiocfaidh méadú ar líon na tvuíteanna arís i mbliana.”
“Ba mhaith liom cuireadh a thabairt daoibh mar sin, a bheith ag tvuíteáil i nGaeilge agus ag úsáid an haischlib #TrasnaNadTonnta chomh minic agus is féidir le linn na seachtaine seo.”

Nóta d’eagarthóirí
Is togra é Trasna na dTonnta atá curtha ar bun ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada. Tá cuntas twitter ar fáil ag @Trasna19
Maoiníonn an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada tríd an scéim ‘Oideachas Tríú Leibhéal Thar Lear’.
Cuirtear maoiniú ar fáil faoin scéim seo do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna thar lear. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn taobh amuigh d'Éirinn agus ardán a chur ar fáil ionas gur féidir teacht ar an nGaeilge agus í a chur i lár an aonaigh mar theanga idirnáisiúnta.
Tá an ciste oscailte d'iarratais ó institiúidí tríú leibhéal thar lear ar mian leo cúrsaí Gaeilge a sholáthar mar chuid dá gclár acadúil. Ní mór go gcuirfí gach iarratas ar mhaoiniú ó institiúidí 3ú leibhéal lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada trí Choimisiún Fulbright (www.fulbright.ie) agus trí Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada (www.icuf.ie) faoi seach.