Foilsithe ar 

An tAire Stáit McHugh ag tacú le #TrasnaNadTonnta

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh inniu go bhfuil sé ag súil go mór le teachtaireachtaí i nGaeilge, ó dhaoine ar fud na cruinne, a fheiceáil ar na meáin shóisialta an tseachtain seo chugainn agus an ócáid #TrasnaNadTonnta ar siúl.

Is ócáid í #TrasnaNadTonnta a chruthaíonn cibearGhaeltacht ar líne agus beidh sé ar siúl i mbliana ón Luan, an 22 Eanáir, go dtí an Aoine, an 26 Eanáir 2018.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit:

“Anuraidh, agus mé i m’Aire Stáit um an Diaspóra agus Chúnamh Forbartha Thar Sáile, ghlac me páirt i #TrasnaNadTonnta ar Twitter. Bhí sé iontach na teachtaireachtaí ar fad a bhí á seoladh faoin haischlib sin ar fud an domhain a fheiceáil. Tugann sé léargas iontach dúinn ar an obair atá ar bun chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na cruinne, chomh maith le deis a thabhairt do Ghaeil teagmhálacha nua a dhéanamh ar líne. Faoi láthair, tá mo Roinn féin ag tacú le múineadh na Gaeilge in os cionn dhá scór coláiste 3ú leibhéal thar lear agus tá méadú ag teacht ar an éileamh ar na cúrsaí sin bliain i ndiaidh bliana.

“Tá borradh fosta faoin Ghaeilge ar na meáin shóisialta, agus tugann #TrasnaNadTonnta deis do níos mó daoine páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí faoin teanga ar líne, agus go deimhin, le nasc a dhéanamh le hÉireann, cuid acu don chéad uair b’fhéidir. Anuraidh, ghlac daoine i 30 tír éagsúil páirt san fheachtas agus tá súil agam go dtiocfaidh méadú air sin i mbliana.

“Le linn na seachtaine seo chugainn mar sin, tá muid ag iarraidh go mbeidh an oiread daoine agus is féidir, ar fud an domhain, ag tvuíteáil i nGaeilge agus ag úsáid an haischlib #TrasnaNadTonnta chomh minic agus is féidir. Ba mhaith liom tréaslú le Fondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada a tháinig aníos leis an choincheap ceannródaíoch seo.”



Nóta d’eagarthóirí

Is togra nua é Trasna na dTonnta atá curtha ar bun ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada. Tá cuntas twitter ar fáil ag @Trasna18

Maoiníonn an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada tríd an scéim ‘Oideachas Tríú Leibhéal Thar Lear’.

Cuirtear maoiniú ar fáil faoin scéim seo do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna thar lear. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn taobh amuigh d'Éirinn agus ardán a chur ar fáil ionas gur féidir teacht ar an nGaeilge agus í a chur i lár an aonaigh mar theanga idirnáisiúnta.

Tá an ciste oscailte d'iarratais ó institiúidí tríú leibhéal thar lear ar mian leo cúrsaí Gaeilge a sholáthar mar chuid dá gclár acadúil. Ní mór go gcuirfí gach iarratas ar mhaoiniú ó institiúidí 3ú leibhéal lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada trí Choimisiún Fulbright (www.fulbright.ie) agus trí Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada (www.icuf.ie) faoi seach.