Foilsithe ar 

An tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Cosaint, Paul Kehoe, T.D., ag léirbhreithniú Trúpaí na hÉireann atá ag dul ar fónamh le UNDOF

Inniu rinne an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe T.D., léirbhreithniú ar chomhaltaí den 54ú Grúpa Coisithe a bheidh ag fágáil sna seachtainí amach romhainn le dul ar fónamh le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) in Arda Golan.

Le linn an léirbhreithnithe dúirt an tAire, “le beagnach 60 bliain anois, tá ról ríthábhachtach á imirt ag Óglaigh na hÉireann mar lucht coimeádta síochána ar fud an domhain; san Eoraip, san Afraic agus sa Mheánoirthear.   Tá traidisiún uasal ag Éirinn ina dtugaimid tacaíocht do na Náisiúin Aontaithe ar mhaithe le cobhsaíocht agus slándáil”.

Dúirt an tAire, le linn dó a bheith ag labhairt leis an 54ú Grúpa Coisithe, “Tá saighdiúirí ó 25 chontae ar fud na hÉireann san áireamh sa mheitheal seo de 130 duine atá anseo inniu, agus duine is fiche as Contae na Gaillimhe ina measc.  I gcás 35 duine agaibh, is é seo an chéad turas thar lear agaibh."
Thréaslaigh an tAire leis an Leifteanant-Choirnéal Mary Carroll, an chéad bhean a ceapadh ina hOifigeach i gCeannas ar mheitheal de chuid Óglaigh na hÉireann ar mhisean thar lear.   Dúirt an tAire, "Tá an Rialtas tiomanta do bheartas comhionannais d'fhir agus do mhná ar fud Óglaigh na hÉireann agus do rannpháirtíocht iomlán na mban i ngach gné de ghníomhaíochtaí Óglaigh na hÉireann.”


Dúirt an tAire freisin, “D'fhreastail mé ar chruinniú Coimeádta Síochána na Náisiún Aontaithe d'Airí Cosanta i Londain le déanaí. Ceann de na príomh-shaincheisteanna a pléadh ná coimeád na síochána a fheabhsú,
lena n-áirítear méadú ar rannpháirtíocht na mban i misin thar lear.       Ceann de na príomhtheachtaireachtaí a tháinig ón gcomhdháil sin ná go bhfuil méadú ar rannpháirtíocht na mban ag gach leibhéal d'imscaradh thar lear ríthábhachtach d'oibríochtaí coimeádta síochána inbhuanaithe.  Ina theannta sin, cuirtear go héifeachtach le coimeád síochána agus le tionscnaimh réiteach coinbhleachta trí rannpháirtíocht na mban, agus caidreamh leo.”

Dúirt an tAire, mar fhocal scoir, “Ar deireadh, is mian liom gach rath a ghuí ar gach comhalta den 54ú Grúpa Coisithe agus iad i mbun a misin, faoi cheannas an Leifteanaint-Choirnéil Mary Carroll. Le gach dea-ghuí uaimse agus ó mhuintir na hÉireann uile atá sibh ag taisteal chun na Meánmhara.”
CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí
I ndiaidh cead a fháil ón Rialtas agus ón Dáil, thug Éire an chéad imscaradh d'Fhórsa Cúltaca Soghluaiste chuig misean UNDOF chun críche an 28 Meán Fómhair 2013.  Tógfaidh meitheal na hÉireann, atá comhdhéanta de thuairim is 130 pearsanra, áit an 44ú Grúpa Coisithe a thabharfaidh a thuras dualgais chun críche go luath.  Tá ceathrar (7) de phearsanra Óglaigh na hÉireann ar fónamh i gCeanncheathrú Fhórsa UNDOF chomh maith.