Foilsithe ar 

An tAire ar a bhfuil Freagracht maidir le Cosaint, an tUasal, Conradh sínithe le haghaidh Mór-uasghrádú agus Athchóiriú ag Dún Chostúim, Baile Átha Luain

20181017

Back Row: (Left to Right): Lt. Col. Johnny Whitaker, Senator Gabrielle McFadden, Minister Kevin "Boxer" Moran, Mr Peter Burke, Councillor Micheál Carrigy, Brigadier General Howard Berney.
Front Row: (Left to Right): Minister with Responsibility for Defence Mr Paul Kehoe, with Brian & Emer Burke of Burke Builders Ltd.

Shínigh an tAire ar a bhfuil Freagracht maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe, conradh inniu chun athchóiriú a dhéanamh ar an Halla Bia agus ar an Teach Cócaireachta ag Dún Chostúim, Baile Átha Luain.

Beidh an foirgneamh nua ann in ionad an fhoirgnimh atá sa Dún a tugadh chun críche i 1967. D’ullmhaigh Oifigigh ón gCór Innealtóirí na dearaí don fhoirgneamh, agus d’éirigh leo dearadh an-nua-aimseartha a tharraingt don ré ina bhfuil sé agus chuir sé sin go mór le caighdeán na saoráidí laistigh de Dhún Chostúim. Is díol suntais é dreach agus leagan amach an fhoirgnimh, agus na fuinneoga agus an díon le fána thar an limistéar bia leathchiorclach ina ngnéithe ar leith

Leis an obair atáthar a dhéanamh faoin gconradh seo déanfar athruithe móra ar leagan amach inmheánach na cistine agus na limistéar stórála agus glanfar amach iad, cuirfear leagan amach nua orthu agus cuirfear síneadh leo. Ach a mbeidh sé críochnaithe, cuirfear borradh arís faoi dhreach aoibhinn sheachtrach an fhoirgnimh agus beidh sé tíosach ar fhuinneamh sa todhchaí.
Is ag Bourke Builders Ltd. a bheidh an príomhchonradh oibre, d’éirigh leo i gcomórtas tairisceana fíor-iomaíoch don togra.

Dúirt an tAire

táthar ag tabhairt faoi athchóiriú agus uasghrádú na saoráidí mar chuid de chlár Bonneagar Tógtha Óglaigh na hÉireann. Tá an clár ceaptha chun na saoráidí oiliúna, oibríochta agus cóiríochta atá ar fáil do bhaill Óglaigh na hÉireann a dhéanamh nua-aimseartha agus iad a fheabhsú, agus déantar forchéimniú ar an gclár go bliantúil bunaithe ar riachtanais agus ar thosaíochtaí míleata.


Dúirt an tAire freisin go léirítear tiomantas an Rialtais d’Óglaigh na hÉireann leis an gcumhdach caipitil do chúrsaí Cosanta, atá méadaithe go mór, dá bhforáiltear faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Soláthraítear €29 milliún breise sa leithdháileadh caipitil i gcomhair 2019 rud a fhágann €106 milliún ar an iomlán curtha ar fáil dó, sin méadú 38% ar leibhéil 2018. Tá foráil sa Phlean le haghaidh méaduithe breise as seo go ceann cúpla bliain, agus €541 milliún ar an iomlán leithdháilte don Chosaint sa tréimhse 2018 go 2022.

Tá thart ar 800 lucht pearsanra lonnaithe ag Dún Chostúim i láthair na huaire. Leis an leagan amach nua ar an gcistin agus na limistéir choimhdeacha beidh saoráid nua-aimseartha ann ag freastal ar gach grád a bheidh lonnaithe ann. Beidh an tsaoráid nua in ann freastal ar éilimh laethúla a bhíonn ag teastáil i suiteáil den sórt sin.

Cloífidh sé leis na treoirlínte ábhartha go léir maidir le sábháilteacht bia agus le ceanglais Sláinte agus Sábháilteachta agus laghdófar na costais reatha dá bharr. Fágfaidh uasghrádú agus athchóiriú an fhoirgnimh reatha saoráid bhia nua-aimseartha agus cinnteoidh sé go mairfidh coimpléasc na beairice go fadtéarmach. Táthar ag súil go dtógfaidh an togra bliain le cur i gcrích agus go mbeidh sé in úsáid faoi dheireadh 2019

Léiríonn an tionscadal tógála seo, mar aon le cinn eile atá á n-ullmhú i gcomhair tairisceana, tiomantas an Aire, na Roinne agus Óglaigh na hÉireann chun saoráidí Óglaigh na hÉireann a chothabháil agus a uasghrádú, i nDún Chostúim agus ar fud na tíre freisin.

Ar an iomlán, tá soláthar sa tionscadal seo chun infheistiú i saoráidí PDF ag Dún Chostúim a chosnóidh thart ar €4.1 milliún.