Foilsithe ar 

Ard-Rúnaí nua sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta á cheapadh ag an Rialtas

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Céadaoin) go bhfuil Katherine Licken ceaptha ag an Rialtas mar Ard-Rúnaí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Beidh éifeacht leis an gceapachán ón Aoine, an 20 Eanáir 2017.

Is Rúnaí Cúnta í Katherine Licken Uasal sa Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil faoi láthair, áit a bhfuil sí freagrach as idirghabhálacha an mhargaidh theileachumarsáide, lena n-áirítear an Plean Náisiúnta Leathanbhanda, polasaí teileachumarsáide agus idirlín an AE agus náisiúnta, cibearshlándáil, an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach agus an tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála.

Chaith Katherine roinnt blianta freisin i réimse an leictreachais, ag obair le teas in-athnuaite agus breoslaí iompair, chomh maith le freagracht a ghlacadh as rialachas corparáideach do líon áirithe comhlachtaí fuinnimh de chuid an Stáit agus freagracht as slándáil soláthair. Is céimí de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Áth Cliath í Katherine agus tá dioplóma iarchéime sa rialachas corparáideach á chur i gcrích aici faoi láthair i Scoil Smurfit UCD.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Tá sainchúram fairsing iléagsúil ag mo Roinn, lena n-áirítear na healaíona, an oidhreacht agus an cultúr a chur chun cinn, tacú leis an nGaeilge agus le pobal na Gaeltachta, agus ceantar tuaithe na hÉireann a athbheochan. Beidh na tosaíochtaí sin á mbrú chun cinn sna blianta amach romhainn go príomha ag Éire Ildánach, tionscnamh 5 bliana an Rialtais leis an gcultúr agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár an tsaoil phoiblí, agus tríd an bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, a fhoilseofar an tseachtain seo chugainn.
“Tá an t-ádh orm go bhfuil foireann an-tiomanta ag obair liom sa Roinn agus tá lúcháir orm gur cheap an Rialtas Katherine Licken leis an bhfoireann a stiúradh ag an tráth tábhachtach seo. Tá taithí den scoth ag Katherine ar raon leathan de réimsí polasaí agus tá na scileanna riachtanacha aici le forfheidhmiú príomhábhair an chláir oibre a bhrú chun cinn ar fud na Roinne. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le Seosamh Ó hÁghmaill, atá ag éirí as mar Ard-Rúnaí. Ba fhoinse tacaíochta agus comhairle thar a bheith luachmhar é Joe dom ó ceapadh mar Aire mé, agus tá súil agam go n-éireoidh go geal leis agus é ar scor.

“Is mian liom gach rath a ghuí ar Katherine ina ról nua.”