Foilsithe ar 

Ardú deontais €77,673 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Halla Naomh Fionnán, An Fál Carrach

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin inniu (23 Samhain) go bhfuil ardú deontais suas le €77,673 ceadaithe aige do Choiste Forbartha an Fháil Charraigh, Co Dhún na nGall, chun cuidiú leo leis an togra a bhaineann le cur i gcrích na hoibre ar an ionad pobail nua, Halla Naomh Fionnán.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit: “Is údar mór áthais dom an deontas seo a chur ar fáil ar mhaithe le hionad pobail nua a chur ar fáil do mhuintir an Fháil Charraigh. Tá sár-obair déanta acu lena chinntiú go mbeadh a leithéid d’áis ar fáil sa gceantar.  Tá sé críochnaithe amach go caighdeán ard agus is cinnte go mbainfidh muintir an cheantair an-leas as sna blianta atá amach romhainn. Le forbairt áiseanna pobail den chineál seo, tacaítear ar bhealach praiticiúil le hiarrachtaí phobal na Gaeltachta an Ghaeilge a thabhairt slán don chéad ghlúin eile.”

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.