Foilsithe ar 

Athoscailt CLÁR á fógairt ag an Aire Stáit Ring

D’fhógair Michael Ring TD, an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, inniu go bhfuil CLÁR á athoscailt, is é sin an clár lena gcuirtear maoiniú ar fáil do thionscadail infreastruchtúir mhionscála i gceantair tuaithe atá faoi mhíbhuntáiste agus ina bhfuil méid suntasach bánaithe tar eis tarlú. Tá CLÁR á athoscailt mar chuid de chlár Forbartha Tuaithe an Rialtais, faoinar seoladh Scéim Athnuachana na mBailte agus Sráidbhailte le gairid, chomh maith le céim nua de Thionscnamh na gCriosanna Forbartha Geilleagraí Tuaithe (REDZ) agus cistiú d’infreastruchtúr áineasa tuaithe faoin Scéim Áineasa Tuaithe.
Faoi CLÁR 2016 cuirfear maoiniú ar fáil do thrí bheart, Bearta Sábháilteachta do Scoileanna agus áiseanna Pobail/Spóirt, clóis spraoi agus áiteanna cluichí ilúsáide (MUGA) agus Bóithre Rochtana Áitiúla. Beidh an cistiú uile ag brath ar chumas na nÚdarás Áitiúil na tionscadail bheartaithe a chur i bhfeidhm láithreach.
Agus an clár á athoscailt dúirt an tAire:
“Leis na Bearta Sábháilteachta do Scoileanna agus áiseanna Pobail/Spóirt, cuirfear cistiú ar fáil d’oibreacha mionscála ar nós soilse sábháilteachta, comharthaíocht, rampaí moillithe agus marcanna bóthair. Is cuid ríthábhachtach de phobal slán sábháilte a leithéid d’oibreacha, go háirithe do pháistí agus daoine óga agus iad ag dul ar scoil agus ag baint úsáide as gníomhaíochtaí iarscoile agus áiseanna spóirt. Le cistiú CLÁR cinnteofar go ndéanfar gach is féidir chun timpistí a chosc agus an timpeallacht thart ar na háiseanna sin a dhéanamh chomh sábháilte agus is féidir.”
Dúirt an tAire freisin:
“Cuideoidh na bearta sábháilteachta, i dteannta an chistithe do chlóis spraoi agus d’áiteanna cluichí ilúsáide, le ceantair CLÁR chun áiseanna sábháilte a chur ar fáil do dhaoine óga agus, dá réir, go méadófar tarraingteacht an cheantair ó dhearcadh sóisialta agus eacnamaíoch araon”.
Le beart na mBóithre Rochtana Áitiúla cuirfear maoiniú ar fáil chun bóithre rochtana áitiúla chuig ceantair taitneamhachtaí ar nós tránna, cosáin, lochanna, áiseanna spóirt agus limistéir phoiblí eile a uasghrádú agus a chóiriú.
Dheimhnigh an tAire go bhfuil €3 mhilliún á chur ar fáil don Chlár, a dháilfear ar Údaráis Áitiúla bunaithe ar an ngá a chuirfear in iúl agus comhoiriúnacht le pleananna forbartha atá foilsithe cheana do gach ceantar. Beidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag déanamh teagmháil le hÚdaráis Áitiúla ábhartha sna laethanta amach romhainn le sonraí na scéime agus is féidir fiosrúcháin a sheoladh chuig CLAR@ahg.gov.ie