Foilsithe ar 

Bailte Slachtmhara SuperValu - Searmanas Bronnta Réigiúin Láir agus Thoir na Tíre

Rinneadh gradaim Bhailte Slachtmhara SuperValu na bliana seo do réigiún Láir agus Thoir na tíre a bhronnadh ar an Máirt, an 25 Deireadh Fómhair, ag searmanas bronnta sa Halla Pobail, Na Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath.  Bhronn an tUas. Michael Ring, Aire le freagracht as Forbairt Réigiúnach Eacnamaíoch, agus Des O’Mahony, Bainisteoir Margaíochta SuperValu, urraitheoirí an chomórtais, ar bhuaiteoirí Bhailte Slachtmhara SuperValu. Ar an stáitse leis an Aire freisin bhí Colm Brehony as Fáilte Éireann.  

 

Bronnadh an duais don Bhaile is Slachtmhara in Éirinn agus an ceann don Bhaile Mór is Slachtmhara in Éirinn ar Na Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath.  Agus é ag labhairt ag an searmanas bronnta, dúirt an tAire Ring:  “Is iontach an rud é deis a fháil tráthnóna inniu chun bualadh le grúpaí na mBailte Slachtmhara as áiteanna ar fud an réigiúin seo.  Níl sna gradaim seo ach aitheantas beag ar iarrachtaí na mórán oibrithe deonacha a bhfuil bród acu as a mbailte dúchais agus a oibríonn gan sos gan scíth chun áiteanna níos fearr a dhéanamh díobh anois agus do na glúnta atá le teacht. Mar gheall ar dhíograis neamhleithleach na n-oibrithe deonacha sin, déantar difir mór dár bpobail.  Inniu, tugaimid aitheantas freisin do ghrúpaí na mBailte Slachtmhara nach bhfuil anseo inniu agus atá tiomanta do feabhas a chur ar a bpobail bliain i ndiaidh bliana ach a bhfuil aitheantas foirmiúil le baint amach acu go fóill sa chomórtas.  Caithfidh mé Na Sceirí a lua ach go háirithe; buaiteoir iomlán an teidil ‘An Baile is Slachtmhara in Éirinn 2016’, comhghairdeas leosan chomh maith le buaiteoirí uile an lae inniu.”

 

Ghabh an tAire buíochas freisin le príomhurraitheoir chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu.  “Le 25 bliana tá SuperValu bainteach leis an gcomórtas seo ag leibhéal áitiúil agus leibhéal náisiúnta agus chuidigh siad é a bhláthú agus a fhás agus fíor-thiomantas a léiriú do thacaíocht do phobail áitiúla. D’oibrigh siad go dlúth le hoifigigh na Roinne le go mbeadh an rath seo ar an gcomórtas.”

 

Bhí an méid seo le rá ag Des O’Mahony, Bainisteoir Margaíochta SuperValu: “Tacaítear i SuperValu le pobail bheoga áitiúla a fhorbairt agus tá comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu ag teacht leis an chiall atá le pobal. Tá dúthracht dhochreidte na n-oibrithe deonacha le moladh agus cuireann sé iontas orainn bliain i ndiaidh bliana. Is mar gheall ar a dtiomantas gan staonadh d’oibriú ar mhaithe lena bpobail áitiúla a bhfuiltear ag éirí chomh maith sin leis an gcomórtas. Mar phríomh-mhiondíoltóir pobail na hÉireann, le 222 siopa ar fud na tíre agus miondíoltóirí i bpobail ar fud na tíre, tá bród an-mhór ar SuperValu go bhfuil muid ag tabhairt urraíocht do chomórtas na mBailte Slachtmhara le 25 bliana anuas, ceann de na socruithe urraíochta is faide ar an bhfód in Éirinn. Tá lúcháir orm aitheantas a thabhairt do dhíocas choistí na mBailte Slachtmhara i réigiúin láir agus thoir na tíre, coistí atá i gcroílár a bpobail áitiúla agus a oibríonn go dian sa chúlra ar feadh na bliana lena gceantair a fheabhsú.”

 

Le blianta beaga anuas léiríodh níos mó spéise ná riamh i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu agus ghlac 859 pobal páirt sa chomórtas in 2016.  Tá an comórtas á eagrú ó bhí 1958 ann ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.  Tá sé ag fáil urraíocht ó SuperValu ó 1992.