Foilsithe ar 

Beagnach €135k de chistiú á cheadú ag an Aire Humphreys do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Luain) sraith de dheontais bheaga le haghaidh músaeim áitiúla agus réigiúnacha ar fud na tíre. Tá cistiú iomlán de €134,965 á chur ar fáil faoi Scéim na Músaem Áitiúil agus Réigiúnach 2017.

Bainfidh fiche a trí tionscadal tairbhe as, agus beidh uasmhéid de €15,000 ar fáil. I measc na dtionscadal a gheobhaidh cistiú tá Músaem Contae Thiobraid Árann, Músaem Contae an Chabháin, Ionad Oidhreachta Bhaile Átha Í agus Músaem Chnoc Mhuire.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Leis an scéim chistiúcháin seo cuirtear instealltaí beaga ach tábhachtacha airgid ar fáil do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha ar bhonn náisiúnta. Tá an-áthas orm bheith in ann cistiú os cionn €130,000 san iomlán a sholáthar do 23 thionscadal ar fud na tíre.

“Is foinse fhíor-thábhachtach cultúir agus oidhreachta iad ár músaeim áitiúla agus réigiúnacha i mbailte agus i sráidbhailte an náisiúin. Trí Chlár Éire Ildánach is mian linn rochtain ar imeachtaí cultúir agus rannpháirtíocht iontu a mhéadú i ngach contae, agus má tá muid chun é sin a bhaint amach is gá dúinn cinnte a dhéanamh go bhfuil sócmhainní cultúir agus oidhreachta á gcothabháil go maith.

“Tá sé mar aidhm freisin ag Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe turasóireacht na tuaithe a mhéadú de 12% sna trí bliana amach romhainn agus tá ról tábhachtach ag na músaeim go léir atá ag fáil cistiú inniu i dtaobh cuairteoirí a mhealladh chuig a réigiúin faoi seach.”