Foilsithe ar 

Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., i láthair tráthnóna ag seoladh pleananna i dtaca le hIonad Éireannach Londan a athfhorbairt

Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., i dteannta an Aire Stáit don Diaspóra, Ciarán Cannon agus Méara Londain, Sadiq Khan, i láthair tráthnóna ag ócáid speisialta chun pleananna le haghaidh athfhorbairt Ionad Éireannach Londan a chéiliúradh. Bunaíodh Ionad Éireannach Londan in 1955 agus tá ról lárnach aige i saol an chomhphobail Éireannaigh i Londain le breis agus seasca bliain anuas. Tá athnuachan á déanamh ar an ionad a chuirfidh ar a chumas íomhá bhríomhar d’Éirinn a chur chun cinn agus ealaíona comhaimseartha ardchaighdeáin na hÉireann a chur i láthair mar aon le hacmhainn thábhachtach a chur ar fáil don chomhphobal Éireannach i Londain.

Dúirt an tAire Madigan

“ Tá sé tráthúil go bhfuil Ionad Éireannach Londan ag tabhairt faoi chéim nua spreagúil le pleananna chun spás a fhorbairt ina léireofar meas ar a thraidisiúin, agus spás comhaimseartha den scoth a chruthú ag an am céanna ar léiriú é ar ealaíona cruthaitheacha agus ar cháil dhomhanda na hÉireann. Tá tionscnaimh den chineál seo mar chuid thábhachtach de thionscnamh Éire Dhomhanda 2025 de chuid an Rialtais, arb é is aidhm leis ná láithreacht na hÉireann ar an ardán domhanda a chur chun cinn agus a chinntiú, cé gur ar scála beag atáimid, go n-áireofar ár seasamh mar oileán ag croílár an domhain de thoradh rannpháirtíocht idirnáisiúnta na hÉireann. “ 


Déanfaidh pátrúin Ionad Éireannach Londan, Ed Sheeran agus Dermot O’Leary an ócaíd a stiúradh agus léiríodar an tiomantas atá acu chun athfhorbairt an ionaid a chur chun cinn. I dteannta ealaíontóirí eile amhail Lisa Hannigan, Any Irvine, Eimear McGeown agus Stephen James Smith a bheas ar an ardán ag an ócáid, leagann na pátrúin béim ar an tábhacht a bhaineann le nascanna cruthaitheacha a chothú idir Éire agus an Bhreatain agus sruth ealaíontóirí a chuidíonn lenár nascacht chultúrtha.

Tá ról tábhachtach ag Ionad Éireannach Londan i dtaobh ealaíontóirí na hÉireann a chur i láthair agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn sa Bhreatain, le clár bliantúil gníomhaíochta ealaíon arna dtacú ag Cultúr Éireann. Is láthair thabháchtach é an tIonad ó thaobh Chultúr Éireann GB18, clár speisialta fad bliana atá dírithe ar an gceangal cultúrtha atá ag Éirinn leis an mBreatain a fhorbairt tuilleadh tráth nuair atá athrú ag teacht ar chaidreamh Éireann-Breataine i gcomhthéacs Eorpach.

Beidh an £250,000 a bailíodh ón ócáid mar bhunchloch don fhorbairt £8m a dhéanfar ar láthair iomráiteach Éireannach Londan. Tiocfaidh comhairliúchán fairsing le páirtithe leasmhara agus geallsealbhóirí sna sála ar an bhfís le haghaidh forbairt áiseanna den chéad scoth atá fógartha, d’fhonn a áirithiú go spreagfaidh an tionscadal seo beocht úr sa chultúr agus sa phobal Éireannach i Londain agus go mbunófar ceanncheathrú láidir dóibh dá bharr.