Foilsithe ar 

Beidh iarratais ar líne ar Ghradaim Markievicz ar oscailt an 26 Márta 2019

Inniu, d'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., go n-osclófar scéim sparánachta nua a Roinne dar teideal Gradam Markievicz d'iarratais ar líne trí láithreán gréasáin na Comhairle Ealaíon Dé Máirt, 26 Márta 2019 agus dúnfaidh sé ag 17:30 Déardaoin, 25 Aibreán 2019. Roimh an dáta oscailte d’iarratais foilsíodh Treoir d'Iarratasóirí don scéim sparánachta ar an láithreán gréasáin inniu.

Ón 26 Márta 2019 beidh an scéim oscailte trí ghlao poiblí d'ealaíontóirí atá ag obair i ngach seánra ealaíon a fhaigheann tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Mar gheall ar an tábhacht a bhain leis an ngluaiseacht athbheochana teanga le linn na tréimhse réabhlóidí, agus freagrachtaí ar leith na Roinne chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, sannfar ceann de na sparánachtaí gach bliain ar ealaíontóir atá ag obair sa Ghaeltacht agus trí mheán na Gaeilge. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair nó ó ghrúpaí laistigh de phobail chultúrtha éagsúla agus ó dhaoine faoi mhíchumas faoin scéim.

Bronnfar gradaim faoin scéim gach bliain ar suas le 5 ealaíontóir/scríbhneoir (ealaíontóirí aonair atá ag obair leo féin nó i gcomhar le daoine eile) suas go dtí luach €20k in aghaidh an duine aonair nó an ghrúpa. Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag comhoibriú leis an gComhairle Ealaíon maidir le socruithe rialachais agus riarachán na scéime agus bronnfar na chéad sparántachtaí i mí Iúil 2019.

D'fhógair an tAire Josepha Madigan na gradaim i Samhain 2018 a dhéanfaidh comóradh ar ról na mban sa tréimhse stairiúil a chumhdaíonn Deich mBliana na gCuimheachán agus ina dhiaidh sin.