Foilsithe ar 

Bí Ullamh Don Gheimhreadh

Tá sé mar chuspóir ag an bhfeachtas Bí Réidh don Gheimhreadh de chuid an Rialtais chun cabhrú le teaghlaigh ullmhú d’adhaimsir agus déileáil leis nuair a tharlaíonn sé.

Trí roinnt bearta simplí a dhéanamh, is féidir leat an tionchar a imríonn na teagmhais siúd a laghdú. I rith tréimhsí adhaimsire, is tábhachtach an t-eolas is déanaí a fháil, trí éisteacht leis an eolas faoin aimsir agus le rabhaidh aimsire ó Met Éireann.

Beidh eolas ar fáil, chomh maith, i rith adhaimsire ar leathanach Twitter na hOifige Pleanála Éigeandála @emergencyIE agus Met Éireann.

Leabhrán atá i gceist le Bí Réidh don Gheimhreadh a fhoilsíonn an Oifig Pleanála Éigeandála, thar ceann Tascfhórsa um Pleanáil Éigeandála an Rialtais. Tá go leor eolas breise agus naisc áisiúla againn ar ár láithreán gréasáin, www.winterready.ie

Tá leagan Béarla den leabhrán seo ar fáil freisin.

Tá ár bpríomhtheachtaireacht simplí - Bí Réidh, Bí Sábháilte i gCónaí agus bíodh fios agat ar an áit a gcuirfidh cabhair ar fáil duit, má theastaíonn sé uait.