Foilsithe ar 

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 foilsithe

Áirítear i measc phríomhphointí Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019:

  • Sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d'earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí.
  • Coiste reachtúil nua le tabhairt isteach - Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge – agus Plean Náisiúnta nua chun Seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar le réiteach ag an gCoiste
  • Caighdeáin Teanga á dtabhairt isteach in áit Scéimeanna Teanga

Chuir Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Seán Kyne T.D., fáilte roimh fhoilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 inniu.

Tá sé i gceist, leis an mBille seo, cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí, agus gur trí mheán na Gaeilge a oibreoidh gach oifig phoiblí atá suite i limistéir Ghaeltachta.

Chomh maith leis sin, tá sé i gceist coiste reachtúil, An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Is é ceann de na gnéithe is tábhachtaí den Bhille go mbeidh Cathaoirleach an Choiste ag teacht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, rud a chuireann an Roinn sin i lar an aonaigh maidir le hearcaíocht don státchóras don chéad uair riamh, agus go mbeidh ionadaíocht ó phobal na Gaeltachta ar an gCoiste. Beidh na spriocanna sa Phlean Náisiúnta bunaithe ar thaighde sainiúil agus ag eascairt as cur chuige fhianaise-bhunaithe. 

Féadfaidh na gníomhartha seo a leanas a bheith sa phlean ach níor chóir go mbeadh sé teoranta dóibh:

  • Feachtais earcaíochta shonracha a bheidh dírithe orthu siúd ag a bhfuil inniúlacht i nGaeilge;
  • Modhanna malartacha earcaíochta ina gcás siúd ag a bhfuil inniúlacht i nGaeilge;
  • Tionscnaimh teagaisc teanga i suímh ar an láthair oibre agus i suímh oideachais fhoirmiúil araon;
  • Scoláireachtaí oideachais spriocdhírithe – mar chuid de seo beidh deis ag daoine óga ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéal semester a chaitheamh i gcroílár na Gaeltachta mar chuid den chúrsa faoi Scéim na Roinne foilsithe i mbliana;
  • Tionscaimh cianoibre dóibh siúd atá inniúil i nGaeilge;
  • Deiseanna intéirneachta agus taithí oibre i dtimpeallacht ina n-oibrítear trí mheán na Gaeilge;
  • Deiseanna fostaíochta san earnáil phoiblí le haghaidh cainteoirí Gaeilge a chur chun cinn go gníomhach sna hearnálacha oideachais dara leibhéal agus tríú leibhéal.

Ag labhairt dó faoin mBille, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne:

Is tús dearfach do phróiseas fad-théarmach é foilsiú an Bhille seo agus is ré nua don Ghaeilge é freisin. Beifear in ann an Ghaeilge a neartú trí earcaíocht sa Státchóras agus, dar ndóigh, tríd na Caighdeáin a thabhairt isteach. Is uirlis dúinn sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi gur féidir linn bheith ag obair lenár gcuid comhghleacaithe trasna an Státchóras le feabhas a chur ar sheirbhísí Gaeilge go forleathan ann. Tugann an t-ollsprioc de 20% atá sonraithe sa Bhille teachtaireacht láidir d’éinne a bhfuil suim acu oibriú trí mheán na Gaeilge agus a bhfuil cumas maith acu sa teanga go bhfuil deiseanna fostaíochta ann dóibh sa Státchóras.