Foilsithe ar 

Bliain na Gaeilge 2018 Seolta Inniu ag an Taoiseach

Mar cheann dá dhualgais oifigiúla deireanacha den bhliain seo, sheol An Taoiseach, Leo Varadkar, T.D. Bliain na Gaeilge 2018 i dTithe an Rialtais inniu. 

D’fhógair an Taoiseach, Leo Varadkar, T.D., agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D. go mbeidh bliain thar a bheith speisialta againn i 2018, tráth go ndéanfaidh muid ceiliúradh ar ár dteanga náisiúnta.

Ag tógáil ar rath An Teanga Bheo a bhí mar shraith faoi Éire 2016: Clár Comórtha agus i bhfianaise go mbeidh Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 125 d’Athbheochan na Gaeilge i 2018, feictear gur togra tráthúil í Bhliain na Gaeilge 2018 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Ag labhairt dó ag an ócáid i dTithe an Rialtais, dúirt An Taoiseach:

“Is mian linn, ar feadh Bliain na Gaeilge, an Ghaeilge a cheiliúradh agus an oiread daoine is féidir a spreagadh le páirt a ghlacadh ann. Cibé acu is cainteoir líofa Gaeilge thú, má tá tú go díreach ag foghlaim na teanga, nó fiú mura bhfuil úsáid bainte agat as do chuid Gaeilge le blianta fada, is deis é seo duit le feabhas a chur ar do líofacht, tuilleadh a fhoghlaim faoin teanga agus do chomharsana, cairde agus comhghleacaithe a ghríosú leis an teanga a dhéanamh mar chuid den saol laethúil."

Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D. :

Tá luachair orm faoin deis a bheidh ann i 2018 grá don teanga a chothú i measc phobal na hÉireann, mar is cuid lárnach í an teanga dár bhféiniúlacht mar Éireannaigh.  Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis an mheitheal oibre, comhdhéanta d’Fhoras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, RTÉ, TG4, oifigigh mo Roinne féin agus go leor grúpaí eile atá tar éis obair na gcapall a dhéanamh chun an fhís do Bhliain na Gaeilge 2018 a thabhairt chun cinn.

Tá clár leathan d’imeachtaí curtha le chéile cheana féin le tús a chur le himeachtaí na bliana, ach ba mhaith liom daoine aonaracha agus grúpaí sa bhaile agus thar lear a spreagadh le bheith páirteach

Tá clár bliana d’imeachtaí ildánacha, ealaíonta agus pobail á eagrú chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga agus chun a labhairt a spreagadh.  Tabharfaidh an tionscnamh, a bhfuil an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn, mar Phatrún aige, aitheantas agus deis machnaimh ar an méid atá bainte amach cheana féin, ach beifear ag díriú isteach freisin ar bheocht, úsáid, dea-íomhá agus feiceálacht na teanga.

Nótaí d’Eagarthóirí

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar an gclár do Bhliain na Gaeilge 2018, tá:

-  Fáilte 2018, Beidh clár speisialta á chraoladh ó Thigh Pháidí Ó Sé i Corca Dhuibhne ar Oíche Chinn Bhliana chun tús spreagúil a chur le Bliain na Gaeilge, agus le cinntiú go mbeidh ar chumas daoine ar fud na cruinne a bheith páirteach sa chéad ócáid do Bhliain na Gaeilge.

-  BEO - BRÓDÚIL AGUS GAELACH, Ar 3 Márta 2018, reáchtálfar mórshúil agus ceiliúradh idir Chearnóg Parnell agus Fhaiche Stiabhna, áit ina mbeidh ceol, oráidí, lá teaghlaigh agus eile.

-  PLÉ '18, Cuirfear sraith seimineár ar bun gach mí timpeall na cruinne ag plé stair, oidhreacht agus todhchaí athbheochan na Gaeilge. Beidh réimse leathan ábhair á phlé ag aoichainteoirí agus beidh deis ag an bpobal a bheith páirteach sa phlé.

-  Scoileanna Ildánacha, Eagrófar seo ó thús mí Eanáir.  Beidh comórtas “Gaelfhíseán na Bliana” mar ghné den chlár agus beidh comórtas ealaíne dírithe ar bhunscoileanna amháin.

-  Tá tacaíocht léirithe do Bhliain na Gaeilge ag breis agus 100 ghrúpa cheana féin.  Is féidir le grúpaí imeachtaí a chlárú ag www.gaeilge2018.ie