Foilsithe ar 

Borradh Mór faoi Fhostaíocht do Chainteoirí Gaeilge

Tá comórtas d’Oifigigh Cléireachais le Gaeilge sa Státseirbhís fógartha ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) anois do 2018.

Is comórtas é seo atá oscailte do dhaoine le Gaeilge líofa agus dóibh siúd a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá an comórtas seo oscailte go dtí 3pm Déardaoin 16 Lúnasa 2018.

Cuireann Joe McHugh T.D., an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin fáilte roimh an gcomórtas seo agus tá molta aige d’iarratasóirí ó cheann ceann na tíre cur isteach ar an gcomórtas go mór mhór iad siúd a bheadh suim acu oibriú trí mheán na Gaeilge.

Dúirt an tAire Stáit McHugh:

Tá sé soiléir go bhfuil éileamh ar sheirbhísí Stáit i nGaeilge a bheith ar fáil ar chomhchéim leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i mBéarla. Mar sin, tagann sé seo le hollspriocanna Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atá á dhréachtú faoi láthair, sé sin go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na heagraíochtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Tá mo Roinn ag obair leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, chun an comórtas seo, atá dírithe go heisiach ar chainteoirí Gaeilge, a bhrú chun cinn. Tá súil againn go mbeidh comórtais eile, ag gráid éagsúla, á reáchtáil do chainteoirí Gaeilge amach anseo.”

Tagann an comórtas seo sna sála ar an gcomórtas EPSO d’aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a sheol mé an tseachtain seo caite, agus is léiriú eile é ar an líon deiseanna fostaíochta atá ann do phobal na Gaeilge. Leis an bpróiseas pleanála teanga faoi lán seoil, beidh os cionn 30 oifigeach pleanála teanga le hearcú sna blianta amach romhainn chomh maith. Cuirfidh an borradh seo i gcúrsaí fostaíochta trí Ghaeilge le stádas na teanga, go háirithe i measc an aosa óig, nuair a fheiceann siad go bhfuil agus go mbeidh deiseanna dóibh a dteanga a úsáid ina saol oibre.

Nótaí d’eagarthóirí

Oifigeach Cléireachais sa Státseirbhís
Cuirfear fáilte roimh iarratais i leith na bpost seo a bheidh lonnaithe in Éirinn ó dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bhfuil an cumas acu a ndualgais a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag:
https://www.publicjobs.ie/en/index.php?option=com_jobsearch&view=jobdetails&Itemid=263&cid=90455

Comórtas d’aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh
Is féidir iarratas ar na poist seo san Aontas Eorpach a dhéanamh ach dul chuig https://epso.europa.eu/apply/job-offers/competition/3264/description_en
Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, iad siúd a gheobhaidh a gcéimeanna an samhradh seo san áireamh. Ní foláir d’iarratasóirí cumas sármhaith a bheith acu sa Ghaeilge agus eolas maith a bheith acu ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais ar a laghad agus an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis mar cheann amháin acu.