Foilsithe ar 

Borradh faoin gcultúr ar fud na hÉireann!

Is cúis áthais don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, a fhógairt go mbeidh Oíche Chultúir 2018 ar siúl um thráthnóna, nuair a reachtálfar os cionn 3,000 imeacht ag 43 láthair in os cionn 1,400 ionad ar fud na hÉireann, agus beidh rud éigin ar siúl a oirfidh do gach aoisghrúpa agus réimse spéise idir cheol beo, taibhithe sráide, turasanna idirghníomhacha agus cheardlanna.   Tá sé saor in aisce freastal ar imeachtaí uile Oíche Chultúir.

Mór-imeacht amháin, arna reáchtáil i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, RTÉ, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí, ná ceolchoirm amuigh faoin aer ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, a bheidh ag tosú ar 8pm. Beidh meascán iontach ceoil bheo agus amharclannaíochta, coiméide agus filíochta beo ó ealaíontóírí seanbhunaithe agus ealaíontóírí atá ag teacht chun cinn sa cheolchoirm seo atá saor in aisc agus a mhairfidh dhá uair an chloig. Is é Sean Rocks an té a chuirfidh an ceolchoirm i láthair agus craolfar beo é ar Arena ar RTÉ Radio 1, ó 8pm - 10pm agus déanfar é a shruthú beo ar rte.ie/culture.

Agus í ag labhairt ar maidin, dúirt an tAire Madigan:

Is mian liom tréaslú agus buíochas a ghabháil le gach duine atá páirteach, idir léiriú agus taibhiú, sa chúlra agus ar an stáitse, san oíche seo ar a ndéanfar ceiliúradh spleodrach agus spreagúil ar ár gcultúr saibhir agus éagsúil.  Molaim do gach duine dul ar an suíomh gréasáin culturenight.ie, ceann de na himeachtaí iomadúla áitiúla a roghnú, blaiseadh den chultúr a fháil agus, thar aon ní eile, sult a bhaint as.