Foilsithe ar 

Breis is €1m de Chistiú na gCuntas Díomhaoin á cheadú ag an Aire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, Michael Ring T.D.

Rinne an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, Michael Ring T.D., €1.013m de chistiú a cheadú inniu do raon bearta atá á riar ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.Duirt an tAire Ring: “Tá lúcháir orm bheith in ann €1m a chur ar fáil ó Chiste na gCuntas Díomhaoin mar thacaíocht do raon de bhearta tábhachtacha.  Tá an cistiú seo a leanas ceadaithe agam:

 

  • €408,000 don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais do thionscnamh meantóireachta píolótach le hOifig Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, seirbhís líne cabhraigh d’íospartaigh na coireachta, soláthar seirbhísí d’íospartaigh ag freastal ar an gCúirt, agus feachtas le feasacht a mhúscailt ar fhoréigean baile agus ar fhoréigean gnéasach;
  • €370,000 don Roinn Oideachais agus Scileanna chun tacú le himeascadh mic léinn nuathagtha i scoileanna; agus
  • €235,000 don Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt do bhearta spóirt do phobail faoi mhíbhuntáiste chun tacú leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta sna réimsí seo a leanas -
  • Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt Chathair Bhaile Átha Cliath      - €150,000
  • Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt Luimnigh                          - €45,000
  • Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt Phort Láirge                      - €40,000

 

Chuir an tAire lena chuid cainte: “Le cistiú na gCuntas Díomhaoin féachtar le tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail atá sa bhreis ar na seirbhísí atá ann cheana nó a chomhlánaíonn iad sna réimsí is mó atá ina ghátar.  Creidim go gcomhlíonann na tionscadail seo na critéir sin go foirfe agus gurb iad seo na cineáil tionscadal nuálaíoch a chuirfidh tacaíochtaí éagsúla ar fáil do phobail faoi mhíbhuntáiste ar fud na réigiúin.”