Foilsithe ar 

Bronnfaidh an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint Bonn Comórtha Céad Bliain 1916 ar Chomhaltaí atá ag Fónamh le hÓglaigh na hÉireann. I mí na Nollag 2016 a bhronnfar an bonn

Mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain 2016 na hÉireann agus de réir thiomantas Chlár an Rialtais, bronnfaidh an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe, T.D., bonn Comórtha Céad Bliain 1916 ar chomhaltaí atá ag fónamh le hÓglaigh na hÉireann in aon cheann déag de shuiteálacha Míleata le linn mhí na Nollag 2016. 

Coimisiúnaíodh boinn Chomórtha Céad Bliain 1916 go speisialta chun aitheantas a thabhairt don pháirt a ghlac Óglaigh na hÉireann i mbliain an chomórtha. Is ionann an bonn agus onóir a thabhairt don phríomhpháirt a bhí ag Óglaigh na hÉireann i ngach ceann de sheacht snáithe an Chláir Céad Bliain le linn 2016. 

 

Ag labhairt dó ar na searmanais a bheidh ann, dúirt an tAire Kehoe “Tá seirbhís den scoth tugtha uathu ag comhaltaí Óglaigh na hÉireann i ngach ceann de sheacht snáithe chlár 2016 na hÉireann.  Tá páirt fhíorthábhachtach glactha acu sa chomóradh náisiúnta trí chéile; ag Comóradh Ard-Oifig an Phoist, le linn Pharáid Dhomhnach Cásca; sna searmanais a bhí ann chun bású Cheannairí an Éirí Amach a chomóradh, agus nuair a scaipeadh go foirmiúil Bratach Náisiúnta na hÉireann agus cóip den Fhorógra ar bhunscoileanna uile na hÉireann.   Ag caint faoin mbonn, dúirt sé “Is dóigh liom gur feiliúnach an bealach ag an Rialtas le hómós a thabhairt d'Óglaigh na hÉireann agus buíochas a ghabháil leo thar ceann mhuintir na hÉireann. Tá súil agam gur le bród a chaithfidh comhaltaí Óglaigh na hÉireann na boinn seo, idir chomhaltaí a d'fhóin le linn na bliana comórtha agus iad siúd atá fós ar fónamh, agus, sa mhéid sin, go nglacfaidh siad le buíochas an Rialtais agus le buíochas mhuintir na hÉireann as a ndíograis i leith a ndualgas le linn na bliana comórtha seo”.

 

Seo a leanas sceideal bhronnadh na mbonn ag an Aire Kehoe:

Dé Luain, an 5ú Nollaig, ag an 10am, Dún an tSáirséalaigh, Luimneach

Dé Luain, an 5ú Nollaig, ag an 2:30pm, Dún Uí Choileáin, Corcaigh

Dé Máirt, an 6ú Nollaig, ag an 10am, Dún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh

Dé Máirt, an 6ú Nollaig, ag an 2pm, Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh

Dé Céadaoin, an 7ú Nollaig, ag an 10am, Dún Mhic Aogáin, Dún Dealgan

Dé Céadaoin, an 7ú Nollaig, ag an 2pm, Dún Chathail Bhrugha, Ráth Maonais

Dé hAoine, an 9ú Nollaig ag an 10am, Campa Fionnabhair, Dún na nGall

Dé Luain, an 12ú Nollaig ag an 10am, Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill

Dé hAoine, an 16ú Nollaig ag an 9am, Bunáit Chabhlaigh Inis Sionnach, Corcaigh.

Dé Luain, an 19ú Nollaig ag an 10am, Dún Uí Mhaolíosa, Gaillimh

Dé Luain, an 19ú Nollaig, ag an 2pm, Campa Fionnabhair, Béal Átha Seannaidh