Foilsithe ar 

Bunachar nua mion-logainmneacha agus taifead iomlán Bhailiúchán na Scol seolta ag an Aire Stáit Seán Kyne

Rinne Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, an bunachar mion-logainmneacha Meitheal.Logainm.ie agus an cnuasach béaloidis Bailiúchán na Scol (duchas.ie) a sheoladh go hoifigiúil inniu ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar an Screagán, Thulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí.

Ábhar béaloidis a thaifead daltaí scoile idir 1937 agus 1939 is ea Bailiúchán na Scol, cuid thábhachtach de Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Ghlac thart ar 5,000 bunscoil páirt i Scéim na Scol agus chuir siad beagnach leathmhilliún leathanach ar fáil atá in imleabhair cheangailte i gcartlann an Chnuasaigh in UCD ó shin. Tá na himleabhair sin as Bailiúchán na Scol á bhfoilsiú ar duchas.ie ar bhonn contae ó dheireadh 2013. Agus ábhar Co. Chorcaí agus Co. Uíbh Fhailí seolta inniu ag an Aire Stáit, tá na himleabhair go léir ó na 26 chontae a ghlac páirt i Scéim na Scol ar fáil go digiteach don phobal ar duchas.ie anois.

Uirlis sluafhoinsithe is ea Meitheal.Logainm.ie chun sonraí a bhaineann le mion-logainmneacha (.i. mionainmneacha nach logainmneacha riaracháin iad) a bhailiú, a stóráil agus a roinnt. Tugtar deis don phobal oidhreacht logainmníochta na tíre a chur chun cinn sa ré dhigiteach trí mhionainmneacha a mhapáil agus a roinnt ar líne. Ar an dóigh sin is féidir mionainmneacha agus na sonraí a ghabhann leo a chaomhnú agus feasacht an phobail ina dtaobh a ardú. Is suíomh gréasáin ar leith é seo ón mBunachar Náisiúnta Logainmneacha (logainm.ie), ach tá áis ar fáil don úsáideoir chun malartú idir an dá shuíomh go saoráideach.
Tá sé an-éasca mionainm a ionchur ar an suíomh; ní gá ach áit a roghnú ar an léarscáil, cineál an logainm a roghnú ó roghchlár, an logainm a scríobh isteach i nGaeilge agus/nó i mBéarla agus aon eolas eile atá agat faoin logainm a ionchur. Tá treoir chuimsitheach maidir le hionchur logainmneacha ar fáil sna leathanaigh eolais ar shuíomh Meitheal Logainm.ie. Cuirfear leis na háiseanna atá ar an suíomh amach anseo, e.g. áis chun fuaimniú an logainm a thaifeadadh.
Dúirt Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, “Tá eolas saibhir ar shuíomh an Mheithil, ó ainmneacha cnoc agus aibhneacha go hainmneacha liosanna agus reiligí. Tá mé bródúil go bhfuil an Brainse Logainmneacha i mo Roinn féin páirteach sa tionscadal agus go bhfuil i gceist ag an Roinn forbairtí breise a chur leis an suíomh amach anseo. Cúis áthais dom an dá imleabhar dheireanacha de Bhailiúchán na Scol a sheoladh freisin, rud a fhágann go bhfuil an cnuasach iontach seo curtha ar fáil don phobal ina iomláine anois. Tá tábhacht ar leith aige ní amháin mar phríomhfhoinse don taighdeoir acadúil ach mar ábhar spéise agus suntais do chuile dhuine, ar fud an domhain, a chuireann suim in Éirinn.”


Nótaí d’Eagarthóirí:

Dúchas.ie:
Is toradh é duchas.ie ar chomhpháirtíocht a cuireadh ar bun in 2012 idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann (UCD), Fiontar agus Scoil na Gaeilge (DCU) agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal Cnuasach Bhéaloideas Éireann, ceann de na cnuasaigh béaloidis is mó ar domhan, a dhigitiú agus a chur ar fáil don phobal ar líne. Tá an tionscadal á chómhaoiniú ag UCD agus ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.

Meitheal Logainm.ie:
Tá meitheal.logainm.ie agus logainm.ie á bhforbairt ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge, aonad teagaisc agus taighde trí mheán na Gaeilge in DCU, i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.