Foilsithe ar 

Cathal Seoige ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta ag an Aire Stáit Seán Kyne

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD inniu, 8 Márta 2019, go bhfuil, Cathal Seoige ainmniúchán Comhairle Contae na Mí, ceaptha aige ar bhord Údarás na Gaeltachta don tréimhse 1 Márta 2019 go dtí 28 Feabhra 2021.

Dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air an ceapachán a fhógairt agus go raibh sé cinnte go rachaidh an comhalta Seoige i mbun a chuid oibre le fuinneamh agus le dúthracht. 

Dúirt an tAire Stáit:

Táim cinnte go gcuirfidh Cathal Seoige an cumas, an taithí agus na scileanna atá aige chun fónaimh ar leas an Údaráis agus phobal na Gaeltachta  sa tréimhse amach romhainn.

Nóta don Eagarthóir

Faoi réir fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012, is bord de dhá dhuine dhéag atá ag Údarás na Gaeltachta. Ceapann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta seachtar de na comhaltaí, an Cathaoirleach san áireamh agus ainmníonn comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, an cúigear comhalta eile.

Faoi réir na bhforálacha ábhartha den Acht, is ar feadh tréimhse cúig bliana a mhaireann an ceapachán  - cé is moite de na contaetha a bhfuil ceantar beag Gaeltachta i gceist, eadhon: Contae Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí. I gcás na gcontaetha seo is ar feadh tréimhse dhá bhliain a mhaireann an ceapachán agus is ar bhonn an róta a leanas a mhaireann an tréimhse:  An Mhí, Corcaigh agus Port Láirge.

Ós rud é  gur tháinig  deireadh le  tréimhse feidhme  ainmniúcháin Chomhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge  ar  14 Feabhra 2019 (Máire Seó Breathnach)  is ar Chomhairle Contae na Mí a thiteann sé anois chun comhalta a ainmniú don chéad tréimhse dhá bhliain eile.