Foilsithe ar 

Ceadaíonn an tAire Humphreys os cionn maoiniú os cionn €156 do thionscadail chultúir trasteorann faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2017

Inniu (Dé Máirt), d’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, maoiniú €156,300 chun tacú le tionscadail chultúir a mbaineann gné shuntasach trasteorann leo faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2017.

Bainfidh fiche a dó tionscadal tairbhe as an scéim, le huasmhéid maoinithe de €15,000. Cuimseoidh na tionscadail taispeántais, ceardlanna agus féilte agus beidh forais ón dá thaobh den teorainn bainteach leo agus iad ag comhoibriú lena chéile i gcomhthéacs cultúrtha.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Cuireann an Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2017 ardán ar fáil do malartuithe cultúrtha agus comhthionscadail ó eagraíochtaí ar an dá thaobh den teorainn agus tá tionscadail iontacha agus fhiúntacha tagtha as le blianta anuas.

“Roinneann oileán na hÉireann macallaí agus táirgí cultúrtha a sháraíonn na dúshláin pholaitiúla. Tá maoiniú do thionscadail den chineál seo, amhail na cinn atá san áireamh sa scéim seo, thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs an Bhreatimeachta agus na dúshláin a d’fhéadfadh a theacht chun cinn d’eagraíochtaí cultúirt agus do lucht féachanna trasna na teorann.”

Nóta do na hEagarthóirí:
Féach ar an liosta iomlán thíos d’eagraíochtaí a fuair maoiniú.