Foilsithe ar 

Ceapacháin chun Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann á bhfógairt ag an Aire Humphreys

Rinne an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, na ceapacháin seo a leanas a rinneadh le déanaí chun Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann a fhógairt inniu (Dé Máirt).

Rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí measúnú ar na ceapaithe go léir.

Ceapadh an tOll John McCafferty chun bheith ina bhall agus ina chathaoirleach ainmnithe ar an gCoimisiún ar feadh téarma cúig bliana.

Rinneadh na daoine seo a leanas, a bhí ina mbaill den Choimisiún cheana, a athcheapadh do thréimhse tri bliana:

· An tOll Jane Ohlmeyer
· An tOll Mary O'Dowd
· An tOll Daíbhí Ó Cróinín
· An tOll James Kelly
· An Dr Thomas O’Connor
· Máire Mac Conghail Uasal

Ceapadh na daoine seo a leanas as an nua mar bhaill den Choimisiún do thréimhse cúig bliana:

· An Dr Hiram Morgan
· An Dr Ciara Breathnach
· An Dr Liam Chambers
· Kate Manning Uasal
· An Dr David Hayton
· An Dr Patrick Geoghegan
· An tOll Marian Lyons
· An tOll Alvin Jackson
· An Dr Elva Johnston
· Nicola Morris Uasal

Tá triúr ball ex-officio ar Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann freisin; Stiúrthóirí na Cartlainne Náisiúnta, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus Oifig na dTaifead Poiblí i dTuaisceart Éireann.


Nótaí don Eagarthóir:

Bunaíodh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann le barántas ar an 10 Deireadh Fómhair, 1928. Rinneadh an Coimisiún a ionchorpru mar chuideachta faoi theorann ráthaíochta gan aon scairchaipiteal ar an 24 Eanáir, 2006.

Is é misean an Choimisiúin
· Eagráin, féilirí agus liostaí d’ábhair ó fhoinse phríomha a fhoilsiú ar an gcaighdeán scolártha is airde,
· Feasacht an phobail a chur chun cinn maidir le hábhair ó fhoinse phríomha agus an tábhacht a bhaineann leo i dtaca le stair, oidhreacht agus cultur na hÉireann,
· Comhairle a chur ar an Aire maidir le polasaí i dtreo rochtain ar fhoinsí doiciméadacha de stair na hÉireann a chur ar fáil,
· Na foinsí sin a chur ar fáil don lucht léitheoireachta is fairsinge agus is féidir, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, trí chlár foilseacháin an Choimisiúin, agus a thiomantas do rochtain ar líne go ginearálta agus foilseacháin an Choimisiúin atá as cló ach go háirithe.