Foilsithe ar 

Ceapachán Alan Esslemont mar Ard-Stiúrthóir nua TG4

D’fhógair an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten TD, inniu go raibh ceapachán Uasail Alan Esslemont mar Ard-Stiúrthóir nua TG4 ceadaithe ag an Rialtas, i gcomhréir le h-alt 89, d’Acht Craolacháin 2009.

Tagann an ceapachán, a dtiocfaidh i bhfeidhm ó lár mhí Dheireadh Fómhair, i ndiaidh phróisis earcaíochta phoiblí a rinne Bord TG4, inar n-aithníodh an tUasal Esslemont mar an t-iarrthóir is oiriúnaí.

Dúirt Aire Naughten: “Cuirim fáilte roimh cheapachán Alan Esslemont mar Ard-Stiúrthóir TG4. Rachaidh a shaineolas i gcúrsaí craolacháin go mór chun sochair do TG4, agus cúram an stáisiúin maidir le daingniú agus cur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na nGael. Tagann a cheapachán ag tréimhse dhúshlánach do chraoltóirí poiblí. Ach is tráthúil é freisin: stáisiún atá fiche bliain ar an bhfód, agus ag iarraidh a lucht féachana a mhéadú. Tá muinín agam go mbeidh an tArdstiúrthóir nua ina cheannaire diongbháilte do TG4, agus guím gach rath air ina phost nua.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don mhéid a bhí bainte amach ag an Uasal Pól Ó Gallchóir le linn a thréimhse mar Ardstiúrthóir. Go n-éirí a shaothar leis amach anseo.”