Foilsithe ar 

Centenary á sheoladh ag an Aire Humphreys in Ard-Oifig an Phoist agus próiseas comhairliúcháin phoiblí don chuid eile de Dheich mBiana na gCuimhneachán á fhógairt aici

Sheol Heather Humphreys T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, foilseachán nua dar teideal Centenary, leabhar a choimisiúnaigh sí le taifead a dhéanamh ar Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain sa bhaile agus thar lear. Ba é Ronan McGreevy, iriseoir leis an Irish Times agus údar, a rinne eagarthóireacht ar an leabhar.

Féachann Centenary le doiciméadú a dhéanamh ar an mbealach inar tugadh 1916 chun cuimhne anuraidh sa bhaile agus thar lear agus tá imeachtaí suntasacha comórtha ann in ord croineolaíoch. I ngach caibidil tá teistiméireachtaí ó dhaoine a bhí bainteach leis na himeachtaí. Léirítear leis an bhfoilseachán fairsinge na n-ócáidí ar fud na hÉireann, a reáchtáladh leis an tráth cinniúnach seo inar stair a chruthú. Tá léargas ann freisin ar chomóradh an Chogaidh Mhóir agus Cath an Somme ach go háirithe. Léirítear an dóigh inar spreag na himeachtaí comórtha anuraidh samhlaíocht an phobail, le níos mó ná 3,500 imeacht ar siúl ar fud na tíre agus níos faide i gcéin.

Agus í ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Humphreys: “Bhí mé meáite ón tús gur bliain do gach duine a bheadh againn in 2016 - bhí mé ag iarraidh imeachtaí comórtha a spreagadh agus a éascú a bheadh cuimsitheach agus a thabharfadh ómós do gach insint. Is léargas den scoth ar 2016 é Centenary. Taispeánann sé mar a chuaigh daoine i ngleic lenár stair agus mar a ghlac siad páirt ann ag gach leibhéal, cibé acu in imeachtaí pobail, na taispeántais iontacha inár bhForais Chultúir Náisiúnta nó na himeachtaí comórtha Stáit go léir a bhí ann le linn deireadh seachtaine na Cásca.”

Lean sí lena cuid cainte: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Ronan McGreevy as tabhairt faoin tasc ollmhór seo, le mo Roinn féin agus Acadamh Ríoga na hÉireann a d’oibrigh go dian leis an bhfoilseachán seo a chur le chéile agus, go deimhin, leis an mBord Comhairleach Eagarthóireachta faoi cheannas an Dr. Maurice Manning, a chabhraigh le stiúradh an fhoilseacháin.”

Bhí an méid seo le rá ag Ronan McGreevy, a bhí i láthair ag an ócáid freisin: “Léirigh comóradh na bliana seo caite go bhfuil muintir na hÉireann bródúil as stádas na tíre seo mar náisiún neamhspleách. Bhí gach duine againn a bhí ag obair ar an leabhar seo airdeallach ar an onóir a bhí ann agus ar an fhreagracht a bhí orainn rud éigin a chur le chéile a bheadh ag teacht leis an mbliain iontach sin. Bhí an t-ádh orainn go raibh teacht againn ar shaothair a lán grianghrafadóirí agus ealaíontóirí cumasacha. D’inis siadsan an scéal. Cuireann na focail an comhthéacs in iúl.
Cuireadh iontaoibh in ealaíontóirí agus i bpobail áitiúla an fhreagairt chuí a thabhairt agus tá na torthaí le feiceáil sa leabhar seo.”

Thapaigh an tAire Humphreys an deis freisin le Dara Ráiteas na bPrionsabal ó Shainghrúpa Comhairleach an Rialtais ar Chuimhneacháin a chur i láthair agus sheol sí Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí chun cabhrú le clár comórtha an Rialtais a leagan amach do na blianta amach romhainn. Áirítear leis an bpróiseas sin an bealach ina bhféadfaí na himeachtaí as ar eascair bunú an Stáit agus an Cogadh Cathartha a chomóradh go ciallmhar agus go hómósach.

Dúirt sí: "Beidh Dara Ráiteas an tSainghrúpa Chomhairligh maidir le Prionsabail ina thaca tábhachtach ag an Rialtas agus é ag leagan amach clár comórtha an Stáit do na cúig bliana atá le teacht. Doiciméad fíorshuntasach a bheidh ann freisin do gach páirtí leasmhar atá ag déanamh machnaimh faoi láthair ar an mbealach ina bhféadfar na himeachtaí dúshlánacha stairiúla, as a dtáinig Bunú an Stáit, a thabhairt chun cuimhne go ciallmhar agus go híogair.”

Chuir an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach an tSainghrúpa Chomhairligh, le cuid cainte an Aire:

“Tá sé tábhachtach go leanfar leis an uileghabhálachas agus údaracht stairiúil, a bhí mar shainghné ag an gcéad chéim de Dheich mBliana na gCuimhneachán agus a chinntigh iontaoibh an phobail sna cuimhneacháin, sa dara chéim, a bheidh níos íogaire agus níos deighiltí fós, d’fhéadfá a rá. Chuige sin, tá an Sainghrúpa Comhairleach ag cur tús le comhairliúchán poiblí, le cinnte a dhéanamh go dtugtar aitheantas agus meas ar gach dearcadh agus gach traidisiún.”

Nóta do na hEagarthóirí:

Tá cóip de Centenary á cur ar fáil do gach leabharlann phoiblí (333) sa Stát.

Beidh Centenary ar fáil lena cheannach ar €25 i siopaí leabhar ar fud na tíre ón 19/10/2017

Tuilleah eolais ar fáil ach é a iarraidh.
Beidh eolas faoi Dara Ráiteas na bPrionsabal agus an Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí ar fáil ar http://www.chg.gov.ie