Foilsithe ar 

Cistiú caipitil breise os cionn €1m á fhógairt ag an Aire Humphreys d’fhorais chultúir in 2017

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Máirt) cistiú caipitil breise os cionn €1 milliún d’fhorais chultúir in 2017. Tagann sé sin le Colún 3 de chlár Éire Ildánach maidir le hinfheistíocht inár mbonneagar cruthaitheach agus cultúir.

I dteannta a chéile, cabhróidh na cistí breise seo na bailiúcháin atá ag na faighteoirí a chaomhnú agus a chosaint, agus cabhróidh siad freisin le tuilleadh feabhais a chur ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do chuairteoirí.

I measc na dtionscadal maoinithe tá uasghrádú ar rialú dóiteáin agus timpeallachta, ar TF agus ar thaispeántais.

Is iad seo a leanas na deontais shonracha a bronnadh:

Leabharlann Marsh – €60,000 do chóras sochta dóiteáin den chéad scoth le cosaint leanúnach an bhailiúcháin a chinntiú;
Ard-Mhúsaem na hÉireann - €270,000 le haghaidh oibreacha lena n-áirítear cásanna taispeántais a cheannach;
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann - €365,000 i dtreo uasghrádú ginearálta agus athnuachan trealaimh oifige;
An Ceoláras Náisiúnta - beagnach €200,000 le haghaidh oibreacha lena n-áirítear córas treorach agus uasghráduithe TF;
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann - €132,000 le haghaidh uasghráduithe TF;
Músaem Hunt, Luimneach - €30,000 le haghaidh córas rialaithe timpeallachta.

Ag labhairt di inniu, dúirt Heather Humphreys T.D, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta:

“Tá lúcháir orm a bheith in ann tuilleadh cistiúcháin a chur ar fáil do chuid dár bhforais chultúir do 2017. Tá an cistiú seo á sholáthar leis na bailiúcháin atá iontu a chosaint, timpeallacht níos sábháilte, seirbhísí nua agus taispeántas níos fearr a chur ar fáil do chuairteoirí, agus cabhrú le nuachóiriú na bhforas sin le go mbeidh siad in ann seirbhís a thabhairt atá ag teacht le táirge cultúir iontach na hÉireann.”

Tá na deontais á soláthar trí mheicníocht chistiúcháin Infreastruchtúr agus Forbairt Chultúrtha.

Lean an tAire lena cuid cainte:

“Tagann sé seo sna sála ar an bhfógairt a rinne mé an tseachtain seo caite go raibh cistiú breise á chur ar fáil do na Forais Chultúir Náisiúnta i gCáinaisnéis 2018. D’fhógair mé freisin €90 milliún d’infheistíocht chaipitil idir 2018 agus 2021, a rachaidh chun tairbhe do na hinstitiúidí seo ach go háirithe, ag tacú lena n-obair agus lena bhforbairt ríthábhachtach. Is ionann an cistiú seo agus méadú 50% ar mo bhuiséad don tréimhse sin.

“Beidh fógairt eile le déanamh agam gan mhoill i dtaca leis an bplean caipitil 10 mbliana. Beidh infheistíocht inár bhForais Chultúir Náisiúnta ina tosaíocht arís sa chistiú sin.

“Sheol mé clár Éire Ildánach anuraidh leis an gcruthaitheacht a phríomhshruthú i saol na tíre. Mar chuid den chlár tá tacaíocht dár bhForais Chultúir Náisiúnta agus iad ag ullmhú pleananna infheistíochta atá uaillmhianach ach réalaíoch freisin, ag cur leis an dul chun cinn atá ar bun cheana, le haghaidh a thabhairt ar easpaí infreastruchtúir ar bhealach pleanáilte tomhaiste.

“Leis an gcistiú breise seo do chuid dár bhforais chultúir, lena n-áirítear ár bhForais Chultúir Náisiúnta, i 2017 agus 2018 léirítear tiomantas an Rialtais seo d’infhestíocht leanúnach sna healaíona, i gcultúr agus i gcruthaitheacht faoi chlár Éire Ildánach.”