Foilsithe ar 

Clár Imeachtaí Iúil-Nollaig do Bhliain na Gaeilge 2018 seolta ag an Aire Stáit McHugh

Sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD clár imeachtaí Iúil-Nollaig do Bhliain na Gaeilge 2018 i nGleann Cholm Cille inniu.

Mheabhraigh an tAire Stáit don lucht éisteachta go ndearna an Taoiseach Leo Varadkar an seoladh oifigiúil ar Bhliain na Gaeilge 2018 ag deireadh na bliana seo caite, rud a léiríonn tiomantas an Rialtais don Ghaeilge agus don bhliain speisialta seo chun teanga dhúchais na hÉireann a chur i lár an aonaigh, sa bhaile agus thar lear.

Labhair an tAire Stáit faoin cheangal idir Bhliain na Gaeilge 2018 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an sprioc comónta chun úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú de réir a chéile. Sa chomhthéacs sin, threisigh sé go bhfuil ról criticiúil ag an phobal féin i ndáil le todhchaí na Gaeilge.


Rinne sé tagairt don chlár breá d'imeachtaí agus tograí a eagraíodh sa chéad leath den bhliain agus dúirt sé go mbeidh clár leathan ar fáil don dara leath den bhliain fosta.

“Is liosta le háireamh é na roghanna atá ar fáil, idir béarbaiciúnna, ceardlanna, féilte, drámaí, filíocht, siúlóidí, léachtaí, turais stairiúla, ceolchoirmeacha, picnicí, ranganna, céilithe, draíocht agus open mic”

a dúirt an tAire Stáit. 


Labhair sé faoin ócáid mhór Ceiliúradh 125 Bliain a bheidh ar siúl i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge ar an 31 Iúil 2018 agus faoin láthair champála oifigiúil do na Gaeil a bheidh ar fáil don chéad uair riamh ag Electric Picnic i gContae Laoise. Ag amharc ar an chlár atá leagtha amach de réir míosa, d’aimsigh sé féidearthachtaí suimiúla eile ar nós ceardlann cócaireachta i gCiarraí, ióga i nDoire, tráth na gceist i Nua Eabhrac, gearrscannán sa Ghearmáin, oíche airneáil i nGlaschú agus carúil na Nollag i Washington.
Thug an tAire Stáit McHugh ardmholadh do Chonradh na Gaeilge agus d’Fhoras na Gaeilge atá ag comhoibriú le páirtnéirí eile ar nós Údarás na Gaeltachta, RTÉ, TG4 agus a Roinn féin chun an fhís do Bhliain na Gaeilge 2018 a bhaint amach.

Mar chlabhsúr, d’impigh an tAire Stáit ar an lucht éisteachta an dea-scéal maidir leis an Ghaeilge a scaipeadh.

“Is linne an teanga agus beatha teanga í a labhairt. Is féidir linn difríocht mhór a dhéanamh má thapaíonn muid an deis le linn Bhliain na Gaeilge le bheith níos gníomhaí ó thaobh na teanga agus le daoine breise a spreagadh chun ár dteanga dhúchais a labhairt fosta.”


Tá tuilleadh eolais agus an clár don dara leath den bhliain ar fáil ag an nasc www.gaeilge2018.ie