Foilsithe ar 

Coistí Teorann do Thoghcheantair Áitiúla bunaithe ag an Aire Phelan

D'fhógair an John Paul Phelan T.D. Aire Stáit do Rialtas Áitiúil agus d'Athchóiriú Toghchán inniu (13 Nollaig 2017) go bhfuil dhá choiste curtha ar bun aige le hathbhreithniú a dhéanamh ar na toghcheantair áitiúla agus moltaí a dhéanamh maidir leo.

Beidh tuarascálacha na gCoistí á mbreithniú ag an Aire mar bonn le toghcheantair áitiúla a leasú faoi na cumhachtaí reachtúla atá aige. Tá an t-athbhreithniú ar thoghcheantair áitiúla á dhéanamh mar ullmhúchán do na toghcháin áitiúla atá beartaithe in 2019.  Déanfaidh na Coistí a gcuid oibre, le haird ar thorthaí an Daonáirimh 2016 agus ag glacadh leis nach ndéanfar aon athrú ar an mballraíocht iomlán I ngach údaras aitiuil.

Tá iarrtha ag an Aire ar na Coistí tuairisc a thabhairt chuige a luaithe is féidir agus laistigh de shé mhí ar a dhéanaí. 

Tá téarmaí tagartha na gCoistí faoi iamh agus tá na daoine seo a leanas ceaptha ag an Aire ar na Coistí:

 

Coiste uimhir 1

  • Geraldine Tallon, iar Rúnaí Ginearálta, an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtas Áitiúl;
  • Dr Theresa Reidy, Roinn Rialtais, Coláiste na hOllscoille Corcaigh;
  • Ned O’Connor, iar Bainisteoir, Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas;
  • Virginia McLoone, iar Oifigeach Feidhmiúchán Sinsearach, Comhairle Contae Dhún na nGall;
  • Seamus Boland, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Irish Rural Link.

Déanfaidh an Coiste seo tuairisciú agus moltaí maidir le gach contae, seachas Corcaigh, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall, Gaillimh agus Baile Átha Cliath Theas, chomh maith le Cathair agus Contae Luimnigh agus Cathair agus Contae Phort Láirge. Ó thaobh na gComhairlí seo, ní bheidh líon na gcomhairleoirí níos lú ná 5 agus níos mó ná 7 do gach toghcheantar áitiúil, ar chuntar gur féidir toghcheantair áitiúla 3 nó 4 shuíochán a mholadh má tharlaíonn go mbeadh méid thíreolaíoch an toghcheantair as cuimse mór.

 

Coiste uimhir 2

  • Tom O’Mahony, iar Rúnaí Ginearálta, an Rionn Iompair, Turasóireachta agus Spoirt;
  • Peter Caulfield, iar Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Fhine Gall;
  • An tUllamh Tom Collins, Cathaoirleach an mBord Rialacháin, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath;
  • Anne O’Keeffe, iar Stiúrthóir, Oifig Bainistíochta Rialtais Áitiúil. 

Déanfaidh an Coiste seo tuairisciú agus moltaí maidir le Cathair Bhaile Átha Cliath, agus contaetha Dhún Laoghaire -Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Baile Átha Cliath Theas. Ní bheidh líon na gComhairleoirí seo níos lú ná 5 ná níos mó ná 7 i dtoghcheantair na gComhairlí seo. 

 

TÉARMAÍ TAGARTHA

 

Coiste Teorann Toghcheantair Áitiúla Uimh. 1

 

  1. Roinnt na gcontaetha go léir, seachas Corcaigh, Dún Laoghaoire - Ráth an Dúin, Fhine Gall, Gaillimh agus Baile Átha Cliath Theas, agus gach cathair agus contae i dtoghcheantair áitiúla agus líon na gcomhaltaí i ngach comhairle contae agus i ngach gcomhairle cathrach agus contae a shanntar chuig gach toghcheantar a aithbhreithniú agus moltaí a dhéanamh maidir leo.
  2. Ar son chuspóir an athbhreithnithe, is ceart don Choiste aird a thabhairt ar an daonra mar atá deimhnithe i nDaonáireamh 2016, glacadh leis nach ndéanfar aon athrú ar an mballraíocht iomlán i ngach údarás áitiúil atá sonraithe in Acht Rialtais Áitiúil 2001 mar atá leasaithe san Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 agus is ceart dó, a oiread agus is féidir agus faoi réir ag riachtanais na dtéarmaí tagartha seo, athraitheas ón meán-ionadaíocht aonair in údaráis áitiúla a choinneáil laistigh den raon móide nó lúide 10%.
  3. Ní bheidh líon na gcomhairleoirí níos lú ná 5 agus níos mó ná 7, ar chuntar gur féidir toghcheantair áitiúla 3 nó 4 shuíochán a mholadh má tharlaíonn go mbeadh méid thíreolaíoch an toghcheantair as cuimse mór.
  4. Ach amháin i gcás na gCeantar Cathrach (Luimneach agus Port Láirge), ainmneofar toghcheantar nó toghcheantair áitiúla cathair-dhirithe maidir le gach baile a bhfuil a dhaonra laistigh den chontae, mar atá deimhnithe in nDaonáireamh 2016, nuair atá sé slánaithe go dtí an 1,000 is gaire, cothrom le níos mó ná 15,000. A mhéid is féidir é, ní shannfar níos lú ná cuigear comhaltaí den chomhairle contae do gach toghlimistéar áitiúil den sórt sin. Beidh na toghcheantair seo uile bunaithe, a oiread is féidir, ar cheantair an "bhaile daonáirimh" mar atá sainmhínithe le haghaidh chuspóirí Dhaonáirimh 2016.
  5. Ceapfar toghcheantar áitiúil éagsúil maidir le gach baile tuaithe nach dtagann laistigh de réim airteagail 4. Beidh na toghcheantair seo uile bunaithe, a oiread is féidir, ar cheantair an "bhaile daonáirimh" mar atá sainmhínithe le haghaidh chuspóirí Dhaonáirimh 2016.
  6. Is ceart toghcheantair áitiúla eile a dhearadh, a oiread is féidir, timpeall ar cheantair uirbeacha, le haird chuí ar fhéiniúlachtaí agus naisc áitiúla agus pobail chomh maith le teorainneacha nádúrtha agus ar an ngá atá le héifeachtúlacht rialaithe agus ionadaíocha na gcomhaltaí tofa a éascú, lena n-áirítear go háirithe, an gá atá le toghcheantair áitiúla atá an-mhór ó thaobh achair nó a shíneann amach an iomarca ó thaobh faid a sheachaint.
  7. Nuair a bhíonn moltaí á ndéanamh maidir le toghcheantair áitiúla is ceart don Choiste na moltaí seo a leanas a chur san áireamh maidir le leagan amach na gCeantar Bardasacha:

                  (v)        Déanfar Ceantar Buirge Bardasach ar leith as gach baile a bhí ina bhuirg cheana nó a bhfuil a dhaonra, nuair a shlánaítear é go dtí an 1,000, mar atá deimhnithe i nDaonáireamh 2016, cothrom le nó níos mó ná 30,000; ní bheidh líon chomhalta na comhairle contae a shanntar do gach ceann de na Ceantair Buirge Bhardasacha seo níos lú ná cúigear, agus beidh toghcheantar áitiúil amhái nó níos mó i ngach ceann de na Ceantair Bhardasacha seo de réir mar a mheasann an coiste a bheith cuí.

                 (vi)        Faoi réir aon athruithe a eascraíonn as fo-airteagal (i), ní ceart go mbeadh aon athrú ar leagan amach na gCeantar Bardasacha go ginearálta, seachas i gcúinsí teoranta mar a mheasann an Coiste é a bheith riachtanach a leithéid d'athrú a mholadh.

                (vii)        Is féidir Ceantair Bhardasacha a roinnt in 2 thoghcheantar nó níos mó mar a mheasann an Coiste a bheith cuí, ach amháin nuair a éilíonn na téarmaí tagartha (go háirithe fo-airteagal (i)) a mhalairt, nó má mheasann an Coiste nach mbeadh sé cuí.

              (viii)        Ní bheidh líon na gComhaltaí Ceantair Bhardasacha níos lú ná 6 ach amháin i gcás ceantair a mbaineann fo-airteagal (i) leo, nó i gcúinsí eisceachtúla (mar shampla, mar a bhaineann le daonra), mar a mheasann an Coiste gur cheart go mbeadh ceantar comhdhéanta de thoghcheantar áitiúil amháin, agus sa chás sin ní bheidh líon na gcomhaltaí níos lú ná 5.

  1. Beidh aird ag an gCoiste ar bheartas an Rialtais maidir le rialtas áitiúil, lena n-áirítear aon tuarascáil bhreise, ráiteas nó cinneadh a dhéantar maidir leis le linn an athbhreithnithe, agus ar aon treoir nó riachtanas eile a eisíonn an tAire.

 

Coiste Teorann Toghcheantair Áitiúla Uimh. 2

 

  1. Athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt Chathair Bhaile Átha Cliath agus chontaetha Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin, Fhine Gall, agus Bhaile Átha Cliath Theas i dtoghcheantair áitiúla agus ar líon na gcomhaltaí de gach comhairle cathrach nó contae atá le sannú chuig gach toghcheantar áitiúil díobh.
  2. Ar son chuspóir an athbhreithnithe, is ceart don Choiste aird a thabhairt ar an daonra mar atá deimhnithe i nDaonáireamh 2016, glacadh leis nach ndéanfar aon athrú ar an mballraíocht iomlán i ngach údarás áitiúil atá sonraithe in Acht Rialtais Áitiúil 2001 mar atá leasaithe san Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 agus is ceart dó, a oiread agus is féidir agus faoi réir ag riachtanais na dtéarmaí tagartha seo, athraitheas ón meán-ionadaíocht aonair in údaráis áitiúla a choinneáil laistigh den raon móide nó lúide 10%.
  3. Ní bheidh líon na gcomhairleoirí a shanntar chuig toghcheantar áitiúil níos lú ná 5 ná níos lú ná 7.
  4. Is ceart toghcheantair áitiúla eile a dhearadh, a oiread is féidir, timpeall ar shráidbhailte nó pointe (nó pointí) fócais áitiúil a bheith acu uirbeacha, le haird chuí ar fhéiniúlachtaí agus naisc áitiúla agus pobail agus ar an ngá atá le héifeachtúlacht rialaithe agus ionadaíocha na gcomhaltaí tofa a éascú, lena n-áirítear go háirithe, an gá atá le toghcheantair áitiúla atá an-mhór ó thaobh achair nó a shíneann amach an iomarca ó thaobh faid nó thar sráidbhailet iomadúla uirbeacha, nó a roinneann sráidbhailte uirbeacha aonair nó pobail nádúrtha a sheachaint.
  5. Is ceart don choiste a áireamh go bhfuil sé inmhianaithe, nuair is féidir é, teorainneacha toghcheantair áitiúla a ailíniú le teorainna Dáilcheantar.
  6. Beidh aird ag an gCoiste ar bheartas an Rialtais maidir le rialtas áitiúil, lena n-áirítear aon tuarascáil bhreise, ráiteas nó cinneadh a dhéantar maidir leis le linn an athbhreithnithe, agus ar aon treoir nó riachtanas eile a eisíonn an tAire.
  7. D'fhéadfaí a iarraidh ar an gCoiste chomh maith, moltaí a dhéanamh maidir le Corcaigh agus Gaillimh a roinnt ina dtoghcheantair áitiúla. Déanfar na Téarmaí Tagartha don chuspóir seo a leagan amach in am trátha.