Foilsithe ar 

Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le Taibheoir Damhsa Éireannach as Gradam a bhuachan ag Féile Fringe Dhún Éideann 2017

Rinne an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, comhghairdeas inniu (Dé hAoine) le Oona Doherty as an gcatagóir damhsa a bhuachan ag Gradaim Total Theatre mar chuid d’Fhéile Fringe Dhún Éideann.

 

Thug Oona Doherty cúig thaispeántas dá saothar damhsa, Hope Hunt & the Ascension into Lazarus, ag Dance Base Dhún Éideann mar chuid de chlár Sárthaispeántais Chultúr Éireann.

 

Dúirt an tAire Humphreys:

“Is éacht iontach d’ealaíontóir Éireannach é an gradam seo a bhaint i bhfianaise na hiomaíochta atá ann, le líon mór taibheoirí as ar fud an domhain ag cur a gcuid saothar i láthair ag Féilte Dhún Éideann. Is ionann an gradam agus aitheantas domhanda ar chumas láidir Oona Doherty agus cruthóidh sé tuilleadh deiseanna di ar fud an domhain. Déanaim comhghairdeas le Oona agus guím tuilleadh ratha uirthi.”

 

Trí chlár Sárthaispeántais Chultúr Éireann, táthar ag tacú le healaíontóirí na hÉireann ó bhí 2008 ann le dul i bhfeidhm ar phobal agus tionscnóirí nua d’fhonn conarthaí camchuairte a fháil do shaothar Éireannach. Tarraingíonn an clár Sárthaispeántais lucht féachana as cuimse go leanúnach le linn shéasúr na Féile. Mheall ócáid líonraithe bhliantúil Chultúr Éireann grúpa láidir tionscnóirí/ceannaitheoirí as gach cearn den domhan arís i mbliana agus tá sé ríthábhachtach ó thaobh gairmeacha a chur chun cinn agus poist a ghineadh d'ealaíontóirí Éireannacha.

 

Nótaí Eagarthóra:

Tá Cultúr Éireann ag tacú le raon saothair ar fud na dtrí Fhéile mhóra i nDún Éideann in 2017 - Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann, Féile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann agus Féile Fringe Dhún Éideann.

Ag Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann, faoi stiúir Fergus Linehan as Éirinn, rinne Michael Golgan stiúradh ar léiriú de Krapp’s Last Tape leis an aisteoir Barry McGovern.

Ag ionad in Charlotte Square Gardens, bhí clár fairsing de scríbhneoirí Éireannacha ag tabhairt léamha agus ag glacadh páirte i ndíospóireachtaí painéil mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann.

Le linn Fhéile Fringe Dhún Éideann, tá sé dhráma agus dhá sheó damhsa roghnaithe ag Cultúr Éireann le cur ar mórthaispeáint. Tá comhpháirtíochtaí tábhachtacha i gceist le cuid mhór acu sin le hionaid i nDún Éideann lena n-airítear Summerhall, na Assembly Rooms agus Dance Base. Tá na caidrimh seo le tionscnóirí domhanda á bhforbairt le blianta fada ag Cultúr Éireann agus tá sé ríthábhachtach d'ealaíontóirí i dtionscal chomh hiomaíoch sin go bhfuil siad in ionaid chlúiteacha atá curtha chun cinn go maith má tá siad le léirmheasanna maithe a fháil.

Tá an t-eolas iomlán faoi na léiriúcháin go léir atá ag fáil tacaíocht ó Chultúr Éireann ar fáil anseo: http://www.cultureireland.ie/downloads/culture-ireland-edinburgh.pdf