Foilsithe ar 

Comórtas CAST d’Aistritheoirí Gaeilge

Mhol an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne T.D., inniu go láidir do chainteoirí Gaeilge iarratais a chur isteach ar na poist mar Aistritheoirí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh atá ar fáil trí chomórtas CAST atá faoi stiúir an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne.
Chun post buan a fháil mar aistritheoir in aon cheann de na hinstitiúidí Eorpacha, ní mór go n-éireodh le duine i gcomórtais ar leith a eagraítear chuige sin; is minic trácht orthu sin mar ‘chomórtais EPSO’. Ach eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne comórtais freisin le haghaidh ‘gníomhairí ar chonradh’ – a dtugtar ‘comórtais CAST’ orthu. Tá comórtas CAST seolta anois a bhféadfaidh aistritheoirí cur isteach air (EPSO/CAST/P/22/2019).
Is ann don liosta CAST chun go bhféadfaidh na hinstitiúidí daoine a roghnú le poist a líonadh go sealadach i gcás go bhfuil folúntais sealadach sa tseirbhís (e.g. duine a bheith ar shos gairme nó ar shaoire thuismitheoireachta, ar shaoire bhreoiteachta etc.) nó má tá foireann oibre de dhíth ar an tseirbhís, i gcúinsí eisceachtúla, chun an obair a fháil déanta. Dá réir sin braitheann fad an chonartha ar na riachtanais atá ag an tseirbhís ag aon am ar leith.
Nuair a chuirtear liosta CAST le chéile, féadfaidh aon cheann de na hinstitiúidí (e.g. Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach) tarraingt as an liosta sin chun conradh a thairiscint do dhuine. Ag brath ar an institiúid, bheadh ar an té a dtairgfí conradh dó nó di aistriú go dtí ceann d’áiteanna oibre na hinstitiúide i.e. Lucsamburg nó an Bhruiséil, le haghaidh tréimhse an chonartha.
Dúirt an tAire Stáit Kyne:
“Cuireann an comórtas seo deiseanna nua ar fáil do chainteoirí Gaeilge ó thaobh forbairt gairme agus taisteal idirnáisiúnta”.
“Is leor dhá theanga le cur isteach ar an gcomórtas seo e.g. Gaeilge agus Béarla, agus is buntáiste an-mhór é sin. Beidh deis ag daoine a roghnófar barrfeabhas a chur ar a gcuid scileanna sa tríú teanga chomh maith, dár ndóigh, a fhad is a bheidh siad ag obair san Eoraip. Is deis mhaith í seo do dhaoine ar mian leo seal a chaitheamh ag obair mar aistritheoir sna hinstitiúidí Eorpacha agus lántairbhe a bhaint as an gcomhairle agus as an gcúnamh a thugann comhghleacaithe, chomh maith le haiseolas a fháil go rialta ar a gcuid oibre.”
“Mholfainn do chainteoirí Gaeilge smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar na poist seo a bhfuil pá an-mhaith ag baint leo.”

Tá an comórtas seo á reáchtáil ag EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne) Is féidir iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas earcaíochta ar an suíomh gréasáin https://epso.europa.eu/job-opportunities/cast/3492/description_ga
Tá comórtas CAST á reáchtáil ag EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne) do phrofléitheoirí chomh maith – gach eolas ag:
https://epso.europa.eu/job-opportunities/cast/3493/description_ga