Foilsithe ar 

Cruinniú tionscnaimh an Choiste Idir-Roinne maidir le Forbairt Oileán atá le cur ar siúl an 24 Meán Fómhair 2019

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, T.D., inniu dáta chruinniú tionscnaimh an Choiste Idir-Roinne nuabhunaithe um Fhorbairt Oileán.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne an méid seo a leanas agus dáta an chéad chruinnithe á fhógairt:

“I ndiaidh cuairt a thabhairt ar na hoileáin agus i ndiaidh casadh le daoine aonair, pobail, eagraíochtaí ionadaíocha oileáin, baill den Oireachtas agus ionadaithe poiblí eile, is eol dom an tábhacht mhór a bhaineann lenár n-oileáin maidir lenár n-oidhreacht agus ár dteanga.  Tá beocht agus athléimneacht phobail oileáin tugtha faoi deara agam.  Is eol dom, chomh maith, an tacaíocht a theastaíonn ó phobail oileáin chun leanúint le bheith inbhuanaithe agus lena gcumas a bhaint amach.

Le blianta beaga anuas, tá tús áite á thabhairt do bhonneagar oileáin a fhorbairt, anuas ar sheirbhísí rochtana a fhóirdheonú do na hoileáin.  Obair thábhachtach leanúnach é seo agus tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán beatha dhaonraí na n-oileán dá bharr. 

Táim ag tnúth le hoibriú le comhghleacaithe i measc na Ranna Rialtais ábhartha go léir chun Beartas Oileán tras-Rialtais a fhorbairt a ngabhfaidh Plean Gníomhaíochta gaolmhar leis.  Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh oileáin, áfach, a mbaineann cuid díobh le hoileáin amháin, d’fhaomh an Rialtas Grúpa Idir-Roinne a bhunú a mbeidh mé mar chathaoirleach air.”

Cuirfear an chéad chruinniú ar siúl an 24 Meán Fómhair 2019, agus buntacóidh próiseas comhairliúcháin cuimsitheach le hobair an Choiste leis na pobail oileáin lena chinntiú go mbíonn glórtha oileáin i gceartlár an bheartais agus an phlean gníomhaíochta a eascróidh as.