Foilsithe ar 

Cúigear Ambasadóir Cultúir nua fógartha d’Éirinn ag an Aire Madigan

Inniu, d’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, go bhfuil cúigear Ambasadóir Cultúir ceaptha ina róil. Sna róil nua seo, cuirfidh daoine iomráiteacha ó phobal ealaíon agus cultúir na hÉireann an tír seo chun cinn ar fud an domhain mar chuid de thionscnamh an Rialtais ar a dtugtar Éire Domhanda 2025.
Tá sé de chuspóir ag Éire Domhanda 2025 lorg na hÉireann a dhúbailt faoi 2025 trí mheascán de ghníomhaíochtaí a chur i ngnímh i réimsí an chultúir, na taidhleoireachta, an ghnó, an oideachais agus na turasóireachta. Tá clú láidir na hÉireann ó thaobh an chultúir agus na cruthaitheachta de ina chuid lárnach den tionscnamh seo a bheartaíonn roinnt gníomhaíochtaí chun cultúr na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain, lena n-áirítear Ambasadóirí Cultúir a cheapadh.
I measc na ndaoine atá tar éis ról mar Ambasadóir Cultúir a ghlacadh go ceann trí bliana, tá an sárcheoltóir agus ball bunaidh The Gloaming, Martin Hayes; ailtirí den scoth, Shelley McNamara agus Yvonne Farrell ar leo Grafton Architects; an t-aisteoir Ruth Negga a bhfuil gradaim bronnta uirthi; agus an file Paul Muldoon a bhfuil an Gradam Pulitzer bainte amach aige. Déanfaidh na hAmbasadóirí Cultúir a ndícheall spéis an phobail sna healaíona agus sa chultúr a chothú mar bhealach chun Éirinn a chur chun cinn ar fud an domhain, cuirfidh siad comhairle ar fáil maidir le tionscnaimh straitéiseacha chultúir agus beidh ionchur acu sna tionscnaimh sin freisin, agus glacfaidh siad páirt in ócáidí agus tionscadail ríthábhachtacha.
Agus ceapacháin na nAmbasdóirí Cultúir á bhfógairt aici, dúirt an tAire Madigan: ‘‘Ó aimsir shárchruthaitheacht Shaw, O’Casey, Synge, Yeats agus Beckett, tá an tír seo á cur chun cinn ar bhealach an-éifeachtach ag ealaíontóirí na hÉireann. Tá ceoltóirí, aisteoirí, ailtirí, filí agus ealaíontóirí na linne seo ag leanúint ar aghaidh leis an obair shárluachmhar seo. Is iad sin na daoine a dhéanann tír ar leith d’ár n-oileán beag seo againne, na scéalaithe a insíonn scéal na hÉireann ar bhealach uathúil speisialta, bíodh é sin trí fhocail, trí dhearadh nó tríd an gceol. Is mór againn go bhfuil gach duine de na hAmbasadóirí Cultúir seo tar éis na róil seo a ghlacadh. Agus iad ag leanúint ar aghaidh lena sároibre, beidh siad ar na hionadaithe is fearr ar Éirinn ar fud an domhain.”
“Tuigeann an Rialtas seo tábhacht an chultúir agus tá sé tiomanta do thacaíocht a thabhairt do chúrsaí cultúir i gcónaí. Is ar an ábhar seo atá gealltanas tugtha ag an Taoiseach maoiniú a dhúbláil le haghaidh cúrsaí cultúir, oidhreachta agus Gaeltachta faoi 2025. Mar léiriú air sin, tá an fógra a rinneadh anuraidh go gcuirfear €1.2bn de mhaoiniú caipitiúil ar fáil le haghaidh na réimsí sin chomh maith leis an méadú suntasach a tháinig ar an maoiniú reatha do na healaíona mar thoradh ar Cháinaisnéis 2019.”
Is éard a bheidh sa chéad ócáid ná comhdháil le haghaidh páirtithe leasmhara cultúir agus beidh cuid de na hAmbasadóirí Cultúir i láthair ag an gcomhdháil sin. Is i mBaile Átha Cliath ar an 24 Eanáir a bheidh sí ar siúl agus is é a bheidh á phlé lena linn ná na bealaí is fearr chun feiceálacht dhomhanda na hÉireann a chur chun cinn agus caidrimh dhomhanda a neartú.
Seans go ndéanfar Ambasadóirí Cultúir eile a cheapadh le himeacht aimsire, i gcomhréir le tosaíochtaí geografacha agus tosaíochtaí eile an Rialtais.
Chun a gceapacháin a chomóradh, bhronn an tAire suaitheantas airgid arna dhéanamh ag an ngabha geal Séamus Gill ar gach duine de na ceathrar Ambasadóirí Cultúir a bhí i láthair inniu. Tá an suaitheantas bunaithe ar bhád luachmhaire an taisce Broighter a choinnítear in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ar a bhfuil lógó an tionscnaimh Cultúr Éireann bunaithe. Ní raibh Paul Muldoon i láthair inniu de bharr dualgas eile sna SA ach bronnfar an suaitheantas air ag deireadh na seachtaine san Ionad Ealaíon Éireannach i Nua-Eabhrac. 

Nóta d’Eagarthóirí

In 2010, rinne an Rialtas Gabriel Byrne a cheapadh ina chéad “Ambasadóir Cultúir” chun cúnamh a thabhairt chun an clár bliana ealaíon ‘Imagine Ireland’ a chur chun cinn sna Stáit Aontaithe in 2011.
Beathaisnéisí
Martin Hayes
Agus seinm na fidle go smior ann, aithnítear leaganacha chorraitheacha Martin Hayes de cheol traidisiúnta na hÉireann ar fud an domhain as a gceol fíoraoibhinn agus rithim mhealltach. Tá sé ag dul ar chamchuairt agus ag déanamh taifead leis an ngiotáraí Dennis Cahill le breis agus 20 bliain anuas, agus tá obair déanta aige i gcomhar le ceoltóirí den chéad scoth i réimse an cheoil chlasaicigh, i réimse an cheoil tíre agus i réimse an cheoil chomhaimseartha, chomh maith le bheith ar an stáitse le Brooklyn Rider agus le Ceathairéad Martin Hayes. Tá ceol Martin, idir ceol bunaidh agus cóirithe traidisiúnta, curtha le saothair damhsa nua-aimseartha, le saothair amharclannaíochta, le scannáin agus le hábhar teilifíse agus tá sé tar éis seinm ar an stáitse le Sting agus le Paul Simon freisin, chomh maith le taifead a dhéanamh le Yo Yo Ma's ‘Silk Road Project’ le déanaí.
Bronnadh Gradam Cheoltóir na Bliana air ag Gradaim Ceoil TG4; d’aimnigh an Cumann Staire Gael-Mheiriceánach i Nua-Eabhrac mar Dhuine na Bliana é agus bronnadh gradam bliantúil Spioraid na hÉireann ó Ionad Ealaíon Éireannach Nua-Eabhrac air freisin. Bhunaigh sé an banna ceoil ceannródaíoch Gael-Mheiriceánach The Gloaming. Téann sé ar chamchuairt ar fud an domhain leis an mbanna ceoil sin agus bronnadh an Duais Meteor ar a gcéad albam in 2014.
Ruth Negga
Is aisteoir fíorchumasach ildánach í Ruth Negga agus i measc a cuid oibre, tá léiriúcháin amharclainne as ar bhain sí gradaim amach, drámaí staire ar an scáileán mór, scannáin neamhspleácha agus sraitheanna nuálacha ar an teilifís. An chéad saothar eile in a mbeidh ról ag Ruth ná an mórscannán ficsean eolaíochta de chuid James Gray, Ad Astra, in éineacht le Brad Pitt, scannán a bhfuil sé beartaithe ag Twentieth Century Fox a scaoileadh ar an 11 Eanáir 2019.
Go gairid, tosóidh Ruth ag obair arís mar ‘Tulip O’Hare’ i séasúr 4 den sraith AMC ‘Preacher’ in éineacht le Dominic Cooper. Is é Seth Rogen an léiritheoir agus tá an sraith bunaithe ar an úrscéal grafach den ainm céanna, urscéal ar a raibh an-ráchairt ar fad. An ról is déanaí a rinne sí ná ról sa tragóid Hamlet de chuid Shakespeare a cuireadh ar an stáitse in Amharclann an Gheata mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath 2018.
In 2016, rinne Ruth ról mar ‘Mildred Loving’ in éineacht le Joel Edgerton sa scannán ‘Loving’ de chuid Jeff Nichols, scannán atá bunaithe ar an gclár faisnéise ‘The Loving Story’. Leanann an scannán sin scéal Mildred agus Richard Loving, an lánúin a bhí lárnach sa chás ríthábhachtach cearta sibhialta i 1967, Loving vs. Virginia. Fuair sí ardmholadh as an léiriú a thug sí ar an ról sin, idir ainmniúcháin le haghaidh a leithéidí agus Gradam Acadaimh, Cruinneog Órga agus Gradam Rogha na Léirmheastóirí. Bhuaigh sí Gradam Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) freisin sa chatagóir ‘An tAisteoir Mná is Fearr i bPríomhról, Scannán’. Roimhe sin, rinne sí ról sa scannán ‘Warcraft’ de chuid Duncan Jones, scannán eipiciúil eachtraíochta fantaisíochta atá bunaithe ar an sraith físchluichí a bhfuil an-tóir uirthi.
Ar an teilifís, tá go leor oibre déanta ag Ruth sna Stait Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe freisin, lena n-áirítear an scannán teilifíse HBO de chuid Justin Chadwick ‘The Money’; ‘Agents of S.H.I.E.L.D.’ de chuid ‘Marvel’ ar ABC agus ainmníodh í sa chatagóir “An tAisteoir Mná is Fearr i Ról Tacaíochta, Dráma” ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann 2016 dá bharr; mar ‘Nikki’ i gcnagshraith na Ríochta Aontaithe ‘Misfits for Logo’; mar ‘Rosie’ in Love/Hate le haghaidh RTE agus mar ‘Rochelle” ar an mionsraith de chuid an BBC ‘Five Daughters’. Bronadh Gradam Scannán agus Teilifíse na hÉireann ar Ruth as an léiriú a thug sí mar ‘Shirley Bassey’ sa scannán teilifíse ‘Shirley’.
Bhain sí ardmholadh amach as a cuid oibre fairsing amharclannaíochta lena n-áirítear mar Lolita leis an gcomhlacht amharclannaíochta ‘Corn Exchange’ in Amharclann na Mainistreach sa chéad ról riamh a rinne sí ar an stáitse; ‘Duck for Out of Joint’ le hAmharclann na Cúirte Ríoga i Londain, agus ainmníodh í le haghaidh gradam Olivier don aisteoir nuathagtha is fearr dá bharr; ‘Playboy of the Western World’ san Amharclann Old Vic; Hamlet san Amharclann Náisiúnta; Phaedre san Amharclann Náisiúnta, agus bronnadh Gradam Ian Charleson uirthi dá bharr sin; ‘Oedipus Loves You’ san Amharclann Peter Pan; ‘Lay Me Down Softly’, ‘The Crucible’, ‘The Bacchae’ agus ‘Burial At Thebes’ in Amharclann na Mainistreach; agus Titus Andronicus san Amharclann Project, agus bronnadh Gradam an Irish Times don Aisteoir Mná is Fearr uirthi de bharr an léirithe sin.
Paul Muldoon
Rugadh Paul Muldoon i gCo. Ard Mhaca in 1951. Tá cónaí air anois i Nua Eabhrac. Ba léiritheoir raidió agus teilifíse é leis an BBC tráth, agus tá 30 bliain caite aige ag múineadh in Ollscoil Princeton. Is údar é a bhfuil 12 bhailiúchán filíochta scríofa aige lena n-áirítear Moy Sand and Gravel (2002), saothar a bhain Gradam Pulitzer 2003 amach dó, chomh maith le ‘Selected Poems 1968-2014’ (2016). Scríobh Roger Rosenblatt le déanaí sa New York Times Book Review go raibh Paul Muldoon ar duine de na filí móra le céad anuas, file a éiríonn leis gach trá a fhreastal ina chuid dánta - idir é a bheith spraíúil le focail, fileata, barúil, dubhach. Agus feargach. De réir Rosenblatt, ní raibh sé de bhua ag aon fhile roimhe an deargbhuille thomhaiste chéanna a chur ina chuid scríbhneoireachta ach amháin Yeats.
Shelley McNamara agus Yvonne Farrell
Bhunaigh na hailtirí Yvonne Farrell & Shelley McNamara, ar céimithe Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath iad, Grafton Architects in 1978. Is Comhaltaí iad d’Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann agus Comhaltaí Oinigh Idirnáisiúnta d’Institiúid Ríoga Ailtirí na Breatainne agus comhaltaí tofa d’Aosdána, an eagraíocht iomráiteach le haghaidh ealaíona na h-Éireann. Ba mhúinteoirí iad ag Scoil na hAiltireachta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ó 1976 go 2002 agus ceapadh iad ina nOllaimh Taca in 215. Chomh maith leis sin, ceapadh iad in ollúnacht Kenzo Tange in GSD Harvard agus in ollúnacht Louis Kahn in Ollscoil Yale agus tá siad ina n-ollaimh chuartaíochta in EPFL, Lausanne san Eilbhéis, áit ar ceapadh iad ina n-ollamh iomlána in 2013. Tá obair déanta ag an mbeirt acu mar scrúdaitheoirí seachtracha ag go leor ollscoileanna, lena n-áirítear Ollscoil Cambridge agus Scoil Chathrach Ailtireachta, Londain. Chomh maith le léachtaí poiblí a thabhairt i mBaile Átha Cliath agus thar lear, lena n-áirítear Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath agus an tAcadamh Ríoga i Londain, tá siad tar éis go leor léachtaí a thabhairt i Scoileanna Ailtireachta san Eoraip agus i Meiriceá.

Tá go leor gradam idirnáisiúnta buaite ag Grafton Architects, lena n-áirítear Gradam an Fhoirgnimh Domhanda 2008 as a bhfoirgneamh i Universita Luigi Bocconi i Milano, foirgneamh dá bhfuil ardmholadh tugtha agus a aithnítear mar obair cheannródaíoch chomhaimseartha. Tá Farrell agus McNamara ag obair faoi láthair ar an gcoimisiún chun na foirgnimh seo a leanas a dhearadh: an Foigneamh Marshall nua i Scoil Eacnamaíochta Londan sa Ríocht Aontaithe; an Scoil Eacnamaíochta nua in Ollscoil Toulouse 1 Capitole; Foirgneamh an Tí Cathrach nua in Ollscoil Kingston, Londain; agus Tionscadal Cheathrú Cultúir Chearnóg Parnell - Leabharlann Nua na Cathrach i mBaile Átha Cliath.
Bhí Farrell agus McNamara ina léiritheoirí ar Venice Architecture Biennale 2018.