Foilsithe ar 

Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2017 le bheith ar siúl i dTiobraid Árann – an tAire Humphreys

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Luain) go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl i mbliana Dé Sathairn, an 30 Meán Fómhair 2017 i mBaile an Gharraí, Contae Thiobraid Árann.

Beidh an ócáid, ina mbeidh an pobal áitiúil páirteach, á reáchtáil i dTeach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848, suíomh oidhreachta náisiúnta Oifig na nOibreacha Poiblí i mBaile an Gharraí.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Is é seo an chéad uair a bheidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir á óstáil i gCo. Thiobraid Árann. Gach bliain tugann an comóradh deis do ghlúin an lae inniu an tionchar millteach a bhí ag an nGorta Mór ar an tír seo a thabhairt i gcuimhne.

"Ag croílár Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir tá rannpháirtíocht an phobail áitiúil, a thugann dearcadh uathúil don searmanas gach bliain, searmanas a chríochnaíonn leis an ócáid fhoirmiúil Stáit, leis an mbratach Náisiúnta agus onóracha míleata, agus searmanais fleascleagain.

“Is ionad cuí stairiúil é Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir i mBaile an Gharraí do chomóradh na bliana seo agus táim ag súil le bheith ag obair leis an bpobal áitiúil agus lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Contae Thiobraid Árann agus muid ag ullmhú don ócáid shollúnta cuimhneacháin seo. Tá Siúlóid bhliantúil an Ghorta Mhóir 1848 á reáchtáil ag Cumann Staire Bhaile an Gharraí 1848 le deich mbliana anuas, rud a léiríonn tiomantas an phobail áitiúil i dtaca leis an nGorta Mór agus na daoine a d’fhulaing mar gheall air a thabhairt chun cuimhne.

"Faraor, tá áiteanna sa domhan á gcrá ag an ocras go fóill. Tríd an méid a fulaingíodh san am a chuaigh thart a chomóradh, déanfar ár mbá agus ár dtuiscint ar na sochaithe sin atá buailte leis an sciúirse seo lenár linn féin a threisiú agus a fheabhsú.”