Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Madigan fáilte roimh an dealbh 'An Saighdiúir Uaigneach' (The Hauntings Soldier) go Páirc Fhaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, do chomóradh céad bliain ar chríoch an Chéad Chogaidh Dhomhanda

Freastalóidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D, ar chomóradh speisialta i bPáirc Fhaiche Stiabhna chun fáilte a chur roimh An Saighdiúir Uaigneach (The Hauntings Soldier) go hÉirinn (Dé Domhnaigh, 4 Samhain).

Chruthaigh Martin Galbravy an dealbh álainn chumhachtach seo agus thóg Chris Hannam é ag Dorset Forge and Fabrication. Cuireann a cruth taibhsiúil i gcuimhne dúinn an leochaileacht agus an fhulaingt a bhí ag na saighdiúirí sa Chéad Chogadh Domhanda, iad siúd a tháinig slán as agus a d'fhill abhaile gan cinnteacht faoin todhchaí a bhí os a gcomhair.

Thosaigh aistear an Saighdiúra Uaighnigh (The Hauntings Soldier) go hÉirinn sa chéad dul síos nuair a tháinig Sabina Purcell ar na naisc a bhí ag a teaghlach leis na daoine a bhí páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda. Mar thoradh, thosaigh sí ag fiosrú conas gur féidir linn cuimhneachán a dhéanamh agus ómós a thabhairt do na saighdiúirí ó oileán na hÉireann a cailleadh sa Chogadh Mhór, chomh maith leis na daoine a tháinig slán agus a d'fhill abhaile.

Beidh an dealbh i bhFaiche Stiabhna ón Domhnach, 4 Samhain go dtí an Luain, 26 Samhain, ag an am céanna leis an gcothrom céad bliain ar chríoch an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Dúirt an tAire Madigan: "Le linn Deich Bliana na gCuimhneachán, tá iarracht déanta againn scéalta na bhfear agus na mban a bhí páirteach sa Chogadh Mhór a chur chun cinn. Rinneamar plé ómósach tuisceanach ar na cúiseanna éagsúla a bhí ag na saighdiúirí – bhí idéil agus mianta casta ag cuid acu agus bhí cuid eile ag troid ionas go mbeidh airgead ag a dteaghlaigh. Bhí tionchar uafásach ag léirscrios na láithreacha chatha ar na daoine a tháinig slán ón gCogadh, agus go minic d'éirigh an tráma níos measa arís nuair a d'fhill siad abhaile.

"Tá cothrom céad bliain ar shíniú an tsosa chogaidh a chur deireadh leis an gcomhrac sa Chéad Chogadh Domhanda ag teannadh linn, agus tá lúcháir orm tacaíocht a thabhairt do shaothair ealaíne cosúil leis seo a thugann deiseanna dúinn ar fad machnamh a dhéanamh ar ár n-oidhreachtaí íogaire le tuiscint, bá agus meon measúil cineálta. Nuair a smaoinímid ar na hinsintí casta faoi rannpháirtíocht na hÉireann sa Chéad Chogadh Domhanda, cuirtear ár stair roinnte agus ár ndaonnacht choiteann i gcuimhne dúinn.

"Déanaim comhghairdeas le Sabina Purcell as ucht a fís agus a tiomantas chun an dealbh álainn chumhachtach seo a tharraingt go Baile Átha Cliath. Is gaisce den scoth é agus molaim chomh maith na páirtithe agus na pátrúin uilig, a thug a gcuid ama agus saineolais go gnaíúil chun an togra seo a thabhairt chun críche."

Nóta d'Eagarthóirí

Thug an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tacaíocht don tionscadal seo faoin gclár comórtha Dheich Bliana na gCuimhneachán.

Tugadh an tionscadal seo chun críche le tacaíocht fhlaithiúil ó úinéirí na deilbhe – Jo Oliver agus an tUasal Paul Richards – agus urraíocht ó John Sisk & Son, AIG Insurance, McMahon Construction Safety, Nolan Transport, agus KMP Partners.