Foilsithe ar 

Cuireann an tAire McHugh cumhdaigh bhreise i bhfeidhm do chosaint leanaí

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh T.D. inniu cumhdaigh bhreise do chosaint leanaí i scoileanna le tús na sainchigireachtaí um chosaint leanaí. Ciallaíonn faomhadh an Aire do na Cigireachtaí um Chosaint agus Chaomhnú Leanaí gur féidir le Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna tús a chur leis na cigireachtaí nua mar a gealladh i bPlean Gníomhaíochta don Oideachas 2018 na Roinne.

Dúirt an tAire McHugh: “Déanfaidh mo Roinn na Cigireachtaí nua um Chosaint agus Chumhdach Leanaí seo i sampla scoileanna ar fud na tíre gach bliain. Díreoidh na cigireachtaí seo ar bhealach fócasaithe agus doimhin ar an tslí ina bhfuil boird scoileanna agus baill foirne ag comhlíonadh a gcuid dualgas reachtúla maidir le cosaint agus cumhdach ár leanaí.”

Bhí an tuairisciú éigeantach ó mhúinteoirí ar ábhair imní maidir le cosaint leanaí mar aon le maoirsiú breise ar shocruithe maidir le cosaint leanaí i scoileanna i measc raon athruithe a tháinig i bhfeidhm, i mí na Nollag 2017, le tús na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017. Cuireadh tús freisin le socruithe cigireachta a chur in oiriúint do na hathruithe in 2018, agus beidh na Cigireachtaí nua um Chosaint agus Chumhdach Leanaí mar chéim chun toaigh eile don mhonatóireacht ar chosaint leanaí i scoileanna.
Dúirt an tAire McHugh: “Déanfaidh na cigireachtaí nua ár gcórais do chosaint leanaí a threisiú tuilleadh. Cuirfidh siad leibhéal breise dearbhaithe ar fáil faoin tslí ina bhfuil na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna, a thug mo Roinn isteach in 2017, á gcur i bhfeidhm ag scoileanna ar mhaithe le scoileanna a threorú agus a dhíriú maidir lena gcuid dualgas do chosaint leanaí a chomhlíonadh.”

Luaigh an tAire McHugh go ndearnadh na Cigireachtaí nua um Chosaint agus Chumhdach Leanaí a fhorbairt trí phróiseas fairsing taighde agus comhairliúcháin leis na páirtnéirí oideachais agus le páirtithe leasmhara eile lena n-áirítear Oifig an Ombudsman do Leanaí. Chuir sé a bhuíochas in iúl do scoileanna a bhí páirteach sa triail ar na cigireachtaí nua, agus luaigh sé gur léirigh an triail go raibh scoileanna ag glacadh go han-dáiríre lena gcuid dualgas maidir le cosaint leanaí.
Dúirt an tAire McHugh: “Is bealach tábhachtach iad na cigireachtaí nua chun feabhas a chothú i scoileanna maidir leis na nósanna imeachta um chosaint leanaí; tá sé i gceist freisin go gcothódh siad barrchleachtas i gceannaireacht scoile de réir mar a bhaineann le cosaint leanaí.”
Luaigh an tAire freisin nach raibh cur i bhfeidhm na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017 éasca do roinnt scoileanna, go háirithe mar a bhain sé le taifid a choinneáil agus le tuairisciú.

Luaigh an tAire McHugh: “Táim tar éis éisteacht lena bhfuil á rá ag scoileanna, ag príomhoidí agus ag comhlachtaí bainistíochta maidir leis na tacaíochtaí atá de dhíth orthu chun na nósanna imeachta um chosaint leanaí a chur i bhfeidhm chomh críochnúil agus is féidir.
“Tá áthas orm a chur in iúl go bhfuil:

· Aonad Tuismitheoirí agus Foghlaimeoirí mo Roinne tar éis sraith teimpléad a sholáthar chun cuidiú le scoileanna agus le boird a gcuid dualgas a chomhlíonadh, faoi Nósanna Imeachta 2017, maidir le taifid a choinneáil agus tuarisciú

  • · Dlúth-chomhpháirtíocht idir an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) agus an Chigireacht chun barrchleachtas maidir le cosaint leanaí a chothú i scoileanna
  • · Sraith seimineár réigiúnacha á sholáthar ag an gCigireacht do phríomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile ar na Cigireachtaí Nua um Chosaint agus Chumhdach Leanaí sna seachtainí atá le teacht agus go bhfuil seisiúin eolais breise ar na cigireachtaí nua á bpleanáil do mhí Bealtaine agus Meithimh 2019. Beidh cur i láthair á thabhairt ag an gCigireacht freisin ag comhdhálacha a bhaineann le roinnt de pháirtnéirí an oideachais. Táthar ag súil go mbeidh breis agus 3,000 príomhoide tar éis freastal ar na seisiúin eolais faoi na cigireachtaí nua faoi dheireadh mhí an Mheithimh i mbliana.”

Dúirt an tAire McHugh freisin: “I ngeall ar ár dtiomantas mar Rialtas chun ár leanaí a chumhdach agus chun tacú le boird scoileanna agus le foirne scoileanna a gcuid dualgas ar chosaint leanaí a chomhlíonadh, tá mo Roinn tiomanta don soláthar ar mhaoiniú breise, nuair is gá, chun freastal ar aon riachtanais oiliúna eile a eascraíonn ó fheidhmiú na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017. Tá sé tábhachtach a thuiscint go bhfuil maoiniú á sholáthar faoi láthair ag mo Roinn do gach ceann de ghrúpaí ionadaíocha na mbord bainistíochta agus na mbord pátrún chun oiliúint bhreise a sholáthar dá mball. Caitheadh nach mór €250,000 in 2018 chun boird bhainistíochta a oiliúint agus tá €334,000 ar fáil agam in 2019 don ghnó seo. Táim sásta freisin breathnú ar aon riachtanais oiliúna eile a aithníonn údaráis bhainistíochta ag eascairt as na na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017 a chur i bhfeidhm.”


Nótaí d’Eagarthóirí

Cuspóir na gcigireachtaí nua
Tá Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí mar chuid de raon obair chigireachta chun tacú le feidhmiú na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017. Cuireann Nósanna Imeachta 2017 treoir agus comhairle ar fáil do scoileanna maidir lena gcuid dualgas faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 a chomhlíonadh and sa bhfeidhmiú go leanúnach ar threoir barrchleachtais mar atá in Leanaí ar dTús: Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí 2017.

  • Clúdaíonn na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017 mionsonraí ar na socruithe don mhaoirsiú ar chosaint leanaí, lena n-áirítear cigireacht ó Chigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna ar fheidhmiú na nósanna imeachta um chosaint leanaí i scoileanna. 
  • Tugadh isteach dhá leibhéal sa tseiceáíl chigireachta do chigireachtaí scoile i mí na Nollag 2017 agus i mí an Mhárta 2018 agus tá siad seo ag feidhmiú go sásúil. 
  • Cruthóidh na Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí nuashonraithe leibhéal breise cigireachta ar nósanna imeachta um chosaint leanaí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. 


Cuirfidh na Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí ar chumas na Cigireachta:

  • Barrchleachtas a chothú maidir leis na socruithe do chosaint leanaí a chur i bhfeidhm i scoileanna
  • Cur i bhfeidhm na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna Child 2017 a mhonatóireacht go bliantúil i sampla bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna 
  • Tuariscí scríofa a fhoilsiú ar fheidhmiú na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017 sa sampla scoileanna a ndéanfar cigireacht orthu
  • Tuairisciú chuig Grúpa Monatóireachta um Chosaint Leanaí na Roinne Oideachais agus Scileanna agus an Aire ar a mhéid agus atá na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017 á gcur i bhfeidhm sa sampla scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu. 
  • Eolas a bhailiú mar bhonn don fhorbairt bhreise ar riachtanais um chosaint agus chumhdach leanaí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ag ranna rialtais agus gníomhaireachtaí eile atá bainteach le cosaint leanaí. 


Cad ar a bhfuil na Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí dírithe?
Tá Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach leanaí bunaithe ar chreat cigireachta na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017. Go hachomair, clúdaíonn na cigireachtaí deich gcinn de sheiceálacha uileghabhálacha, agus tá fo-sheiceálacha ag baint le gach ceann acu seo. Tá fáil ar an gcreat cigireachta, is é sin, na deich seiceálacha agus fo-sheiceálacha sa treoir atá foilsithe, Treoir do Chigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí, atá ar fáil ag www.education.ie.

An gcuirfear réamhfhógra ar fáil do scoileanna maidir le Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí?
Mar ghnáthnós, tabharfar réamhfhógra idir 24 agus 48 n-uaire an chloig ar Chigireacht um Chosaint agus Chumhdach Leanaí. Coimeádann an Chigireacht an ceart aici féin, áfach, cigireachtaí a dhéanamh gan aon réamhfhógra.

Cad a tharlaíonn le linn Cigireacht um Chosaint agus Chumhdach Leanaí?
I ngach scoil a roghnaítear do chigireacht um Chosaint agus Chumhdach Leanaí, tarlóidh dhá chigireacht – Cigireacht Thosaigh um Chosaint Leanaí agus Cigireacht Dheiridh um Chosaint Leanaí. De ghnáth, ní bheidh ach idir ceithre agus sé seachtainí idir na cigireachtaí seo.
Foilseofar tuairiscí ar leith do gach ceann den dá chigireacht. Toisc go mbeidh dhá chigireacht i gceist ciallófar gur féidir le tuismitheoirí, an pobal, agus an Roinn deimhniú a bheith acu go mbíonn an scoil tar éis freastal ar aon easnaimh nó aon laigí a aithnítear sa Chigireacht Thosaigh faoin am go ndéantar an Chigireaht Dheiridh.
Le linn na gcigireachtaí, déanfaidh cigirí:

  • Plé ar bhealach fócasaithe le daltaí bunscoile faoina bhfoghlaim san Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) agus Bí Sábháilte agus le scoláirí iar-bhunscoile faoin OSPS agus faoi Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG). Beidh cead i scríbhinn faighte roimh ré ó thuismitheoirí agus ó scoláirí iar-bhunscoile maidir le rannpháirtíocht foghlaimeoirí i bhfócasghrúpaí leis na cigirí
  • Cuireadh a thabhairt do gach tuismitheoir sa Chigireacht Thosaigh um Chosaint Leanaí chun suirbhé tuismitheora ar líne a chomhlánú a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna bainteach le feasacht na scoile agus le feasacht na dtuismitheoirí ar nósanna imeachta na scoile maidir le cosaint leanaí, mar aon le nósanna imeachta frithbhulaíochta na scoile
  • Cruinniú a thionól le baill de chomhlachas tuismitheoirí na scoile mar chuid den Chigireacht Dheiridh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí
  • Cruinnithe a thionól le: 
  • Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) agus/nó Leas-Duine Idirchaidrimh Ainmnithe na scoile
  • Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta
  • Sampla de phearsana na scoile
  • An múinteoir sa scoil atá mar chomhordaitheoir ar OSPS (más cuí) 
  • Athbhreithniú ar na doiciméid seo a leanas: 
  • Miontuairiscí an bhoird bhainistíochta
  • Ráiteas um Chumhdach Leanaí agus Measúnú Riosca na scoile
  • Pleananna scoile ábhartha, cuntais mhíosúla (bunscoileanna) agus eolas faoin gclár ama (iar-bhunscoileanna)
  • Athbhreithniú ar na taifid um chosaint leanaí


I ndiaidh na cigireachta:

  • Cuirfear aiseolas ó bhéal ar gach cigireacht chuig na pearsana scoile ábhartha mar aon le tuairisc scríofa ar thorthaí na cigireachta ina ndéanfar cur síos ar leibhéal comhlíontachta na scoile ar gach ceann de na deich seiceálacha uileghabhálacha. 
  • Foilseofar na tuairiscí uile ar Chigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí, ó na Cigireachtaí Tosaigh agus Deiridh araon, ar láithreán gréasáin na Roinn Oideachais agus Scileanna. 



Oiliúint do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile maidir le cosaint leanaí
Chuir an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) tús, i mí Márta 2018, le clár tacaíochta cuimsitheach do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile maidir le feidhmiú na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017. Clúdaíonn sé seo dhá Chlár ríomh-Fhoghlama dírithe ar a) gach ball foirne sa scoil (clár ríomh-Fhoghlama 90 nóiméad a chuidíonn le múinteoirí tuiscint a fháil ar a ról mar dhaoine sainordaithe, ar reachtaíocht ábhartha, ar ról na nDaoine Idirchaidrimh Ainmnithe, ar thuairiciú, taifid a choinneáil agus nochtadh a láimhseáil) agus b) gach Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) agus Leas-Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (L-DIA) (clár ríomh-Fhoghlama 90 nóiméad a bhaineann leis an Measúnú Riosca agus an Ráiteas Cumhdaigh a ullmhú, mar aon le ról maoirsithe an bhoird bhainistíochta). Leanann an fáil atá ar na cláir ríomhFhoghlama seo i mBéarla agus i nGaeilge ar www.pdst.ie.

Mar aon leis sin, rinneadh seimineáir lae a thionól do Dhaoine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) agus do Leas-Daoine Idirchaidrimh Ainmnithe (L-DIA) i rith 2018. Cuireann na seimineáir seo tacaíocht ar fáil maidir leis an reachtaíocht a thuiscint, ról na DIA agus na L-DIA, soláthair imlitreacha, ról na ndaoine sainordaithe agus ról maoirseachta na mbord bainistíochta. Leanann an fáil atá ar na seimineáir do gach DIA agus L-DIA nuacheaptha.

Leanann SFGM ag cur tacaíochta ar fáil do mhúinteoirí le ceardlanna agus seimineáir ar an soláthar curaclaim do OSPS agus do Chosaint Leanaí:

  • · Bunleibhéal: Ceardlanna ar Bí Sábháilte 
  • · Iar-Bhunleibhéal: Sábháilteacht Phearsanta don tSraith Shóisearach: Seimineár lae a thacaíonn le múinteoirí OSPS sábháilteacht phearsanta a mhúineadh i gcomhthéacs Chosaint Leanaí. Is gné lárnach de Churaclam Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sóisearaí é seo. 
  • · Sábhailteacht Phearsanta Iar-Bhunoideachas na Sraithe Sinsearaí: Seimineár dhá lá. 


Is féidir le scoileanna tacaíocht bhreise a éileamh freisin trí chóras tacaíochta inscoile na SFGM don tacaíocht inscoile i réimsí éagsúla ar nós Bí Sábháilte, Cosaint Leanaí, teagasc agus foghlaim in OSPS, LADT, Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) agus Frithbhulaíocht.

Leanfar leis an athbhreithniú ar chlár tacaíochta na SFGM lena dheimhniú go bhfreastalaíonn sé ar aon riachtanais thacaíochta a eascraíonn sa réimse.