Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Stáit Kyne fáilte roimh athbhreithniú 2016 Údarás na Gaeltachta

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., roimh thorthaí 2016 a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta inniu (23 Eanáir 2016).

“Fáiltím roimh dhea-fhigiúirí fostaíochta an Údaráis arís i mbliana,” a dúirt an tAire Stáit, “agus is léiriú dearfach é ar an mian atá ag an Rialtas dlús a chur le forbairt agus fostaíocht sna réigiúin agus i gceantair tuaithe. Beidh ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhmiú an Phlean Gnímh do Cheantair Tuaithe na hÉireann. Tógáil croí é a fheiceáil go bhfuil leibhéal fostaíochta seasmhach sna Gaeltachtaí agus go bhfuil borradh faoi ghnóthaí nua fós ann le 36 comhlacht nua ag dul i mbun gnó i 2016 agus 100 post cruthaithe iontu roimh dheireadh na bliana. Agus iad ag obair i gcomhar le mo Roinnse, bheifí ag súil go bhféadfaí cur leis an dea-obair seo sna blianta amach romhainn i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Is cúis áthais ar leith dom gur cruthaíodh 559 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta i 2016 agus go raibh 7,963 post i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana. Is é sin 7,348 post lánaimseartha agus 615 post páirtaimseartha.

"Tá lúcháir faoi leith orm chomh maith,” a dúirt an tAire Stáit Kyne, “gur osclaíodh go hoifigiúil Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Conamara, atá mar cheann de na buanchomhartha ar Cheiliúradh an Chéid 1916. Tá buíochas mór ag dul d’Údarás na Gaeltachta as ucht ceannaireacht a dhéanamh ar fhorbairt an mhórthionscadail seo."

Rinne an tAire Stáit tagairt freisin don 2.4 milliún euro de mhaoiniú breise a d'éirigh leis a fháil do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta le linn 2016. "Táim sásta gur chuir an maoiniú breise seo ar chumas Údarás na Gaeltachta poist a choinneáil ina gcliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Chuige sin, is í mo thuiscint go bhfuil sí mar aidhm ag an Údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht i 2017.

Thug an tAire Stáit aitheantas go háirithe don dul chun cinn atá déanta ag Údarás na Gaeltachta le linn 2016 maidir le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht, i gcomhar leis na heagraíochtaí pobail ar an talamh. “Is obair fíorthábhachtach í seo i gcomhthéacs aidhmeanna Gaeltachta na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus tá áthas orm go bhfuil an tÚdarás ag tabhairt tosaíochta don phróiseas sna 23 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a bhfuil fógraí déanta ina leith go dtí seo," a dúirt sé.