Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Stáit McHugh fáilte roimh thorthaí 2017 Údarás na Gaeltachta

Tá fáilte curtha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., roimh thorthaí 2017 a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta inniu (29 Eanáir 2018).

Tuairiscítear sna torthaí sin go raibh 8,109 post in iomlán i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana. Is é sin 7,503 post lánaimseartha agus 606 post páirtaimseartha. Cruthaíodh 630 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis in  2017 agus bhí  glanmhéadú de 155 post i gceist ar an mbliain roimhe sin.

Dúirt an tAire Stáit:

Is scéal an-dearfach don Ghaeltacht na torthaí atá fógartha ag Údarás na Gaeltachta inniu. Díol suntais agus dóchais é go bhfuil leibhéal fostaíochta seasmhach le sonrú sna torthaí agus go bhfuil borradh le sonrú ann -  le 25  comhlacht nua tar éis dul i mbun gnó le cúnamh an Údaráis in 2017 agus 57 post cruthaithe dá réir. Le ceapadh bhord nua an Údaráis le gairid táim cinnte go mbeidh gach iarracht ar bun chun go leanfar leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Údarás i gcaitheamh an ama mar a bhaineann sé leis an gclár oibre atá idir lámha acu”.

Thug an tAire Stáit aitheantas  faoi leith chomh maith don dul chun cinn atá déanta ag Údarás na Gaeltachta le linn 2017 maidir le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht, i gcomhar leis na heagraíochtaí pobail ar an talamh.

Tréaslaím le pobail na Gaeltachta agus leis an Údarás as an obair mhór atá curtha i gcrích acu maidir leis an phróiseas pleanála teanga sa bhliain atá caite. Is obair fíor-thábhachtach í seo i gcomhthéacs aidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge mar a bhaineann sí leis an Ghaeltacht. Tá lúcháir orm gur éirigh leis an Údarás a chinntiú in 2017 go bhfuil an próiseas idir lámha i ngach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPT) agus go bhfuil tosaíocht chuí tugtha dó i gcaitheamh na huaire”.