Foilsithe ar 

Córas Faisnéise Geografaí (GIS) do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta seolta ag an Aire Stáit McHugh

D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe Mc Hugh T.D., inniu go bhfuil Córas Faisnéise Geografaí (GIS) forbartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun tacú le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

Faoin gcóras atá forbartha, tá faisnéis curtha ar fáil ar bhonn Toghrann ag úsáid mapaí maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá an fhaisnéis bunaithe ar thorthaí daonáireamh do na blianta 2006 agus 2011. Ina theannta sin, tá eolas sealadach curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le suíomhanna agus daonra bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna i leith na scoilbhliana 2014/15.

Dúirt an tAire Stáit: “Cé go bhfuil an Córas Faisnéise Geografaí curtha ar fáil go príomha mar thacaíocht bhreise do na heagraíochtaí atá agus a bheidh freagrach as ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga sa Ghaeltacht, beidh sé ina chuidiú praiticiúil don earnáil phoiblí agus don phobal araon mar a bhaineann sé le tuiscint níos fearr a chothú faoi chúrsaí teanga agus an córas pleanála teanga.”


Nóta d'Eagarthóirí:

Tá an Córas Faisnéise Geografaí ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie/ga/gaeltacht/20-year-strategy-for-the-irish-language-2010-2030/language-planning-process/.

Leis an gCóras Faisnéise Geografaí atá forbartha, cuirtear sraitheanna sonraí i láthair ag úsáid amharcóra. Tá an fhaisnéis a chuirtear i láthair bunaithe ar na sonraí staidrimh ón staidéar: Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011 Ó Giollagáin, C. & Charlton, M. a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta in 2015. Rinne an staidéar sin anailís ar na sonraí a bhailigh an Phríomhoifig Staidrimh trí na daonáirimh náisiúnta in 2006 agus 2011. Cuirtear na sonraí staidrimh ar leibhéal úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i láthair ar an gCóras Faisnéise Geografaí i sraitheanna sonraí an mhapa de réir na dToghrann.

Ina theannta sin, tá dhá shraith sonraí ann a léiríonn suíomhanna agus daonra bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, bunaithe ar fhaisnéis atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is sonraí sealadacha iad don scoilbhliain 2014/2015.