Foilsithe ar 

D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan TD inniu go mbeidh €2.13m i gcistíocht d'ealaíona na hÉireann ar fud an domhain

Tá ríméad ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan TD a fhógairt ceadú do bhreis is €2.13m i gcistiú ag Cultúr Éireann do chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud na cruinne in 2019. Cuirfidh €1.16m ar chumas 168 ealaíontóirí agus eagraíochta ealaíon tionscadail a chur i láthair, ag clúdach ailtireacht, sorcas, damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, ceoldrámaíocht, amharclannaíocht agus amharc-ealaíona in 41 tíortha éagsúla agus chun cur leis an gcáil domhanda láidir atá ag Éirinn ó thaobh na n-ealaíon de. Chomh maith leis seo tá €975,000 do mhaoiniú bliantiúil le haghaidh cur chun cinn litríocht, ceol agus scannánaíocht na hÉireann trí eagraíochtaí acmhainne agus trí ionaid cultúrtha na hÉireann i bPáras agus i Nua Eabhrac a gcomhoibríonn le Cultúr Éireann chun cláir leanúnacha na n-ealaíontóirí Éireannacha eachtracha a chur i láthair.

Dúirt an tAire Madigan agus í ag fógairt na ndeontas:

Tá an Rialtas tiomanta faoi 'Éire Domhanda 2025' ár gcultúr a roinnt níos leithne timpeall an domhain. Imríonn Cultúr Éireann ról lárnach i dtacaíocht na n-ealaíontóirí Éireannacha dul i bhfeidhm ar na milliúin timpeall an domhain gach bliain. Ciallaíonn neart cruthaitheach na n-ealaíontóirí Éireannacha go bhfuil éileamh domhanda orthu agus go bhfuil clú agus cáil orthu mar gheall ar ardchaighdeán a gcuid saothair. Mar sin, tá sé tábhachtach go dtacaímid leo ionas go mbeidh tionchar domhanda acu agus chun eolas a scaipeadh faoi ealaíon agus cultúr na hÉireann.

Tá Litríocht Éireann ceann de na comhpháirtithe a dhéanann ionadaíocht ar Éirinn ag féilte leabhair idirnáisiúnta agus a thacaíonn le haistriúchán litríochta ó Bhéarla agus Gaeilge go teangacha eile chun litríocht na hÉireann a scaipeadh. Cuirfidh First Music Contact lena chlár "Ceol na hÉireann" chun ceoltóirí Éireannacha sna seánraí rac/indie/pop a chur chun cinn leis an gcuspóir go gcruthófar deiseanna eile ag ócáidí tionscail, Eurosonic, South by Southwest, The Great Escape, Primavera Pro, AIM2AIM, Reeperbahn, MONDO, M for Montreal agus Hard Working Class Heroes ina measc.

Is é cur i láthair "Imagining Ireland: Words and Music" ag an mBarbican i Londain i Mí Eanair ceann de na tionscadail atá maoinithe. Is oidhreacht don chlár rathúil GB18 a chur Cultúr Éireann ar siúl ar fud na Breataine in 2018 í an cheolchoirm speisialta seo. Ag fanacht leis an mBarbican, cuirfidh Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe Rooms le hEnda Walsh i láthair ann an Aibreán seo chugainn. Cuirfear 'The Second Violinist', an ceoldráma Éireannach nua-aimseartha a chum Donnacha Dennehy agus a scríobh agus a stiúir Enda Walsh, i láthair ag an Áras Ceoldrámaíochta Náisiúnta Ollainnise i Mí Márta agus beidh CLASS le hIseult Golden agus David Horan ag an Amharclann Bush i Londain i Mí Bealtaine 2019 i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach. Déanfaidh "Swan Lake/Loch na hEala" le Teac Damsa turas san Astráil agus i gCeanada, ag cur leis an rath a bhí ag a turas go Hong Cong, an Chóiré, an Ghearmáin, Lucsamburg, an Bhreatain agus Ceanada le linn 2018.

Gheobhaidh níos mó scannáin Éireannacha ná riamh a bpremiere domhanda ag an Féile Scannánaíocht Sundance in Utah i Mí Eanair. Is é Sundance, a bhí bunaithe ag Robert Redford, ceann de na féilte scannánaíochta is mó le rá ar domhan agus cabhraíonn cur i láthair ann le cur chun cinn na n-ealaíontóirí, na léiritheoirí agus na scannáin atá ag an bhféile. Is iad "A Hole in the Ground", "Gaza", "Dirty God", "Shooting the Mafia" agus "Animals" na scannáín Éireannacha a seolfar ag Sundance i mbliana.

Tá liosta iomlán de na tionscadail iontacha ar fáil anseo.