Foilsithe ar 

Dea-scéal don bhithéagsúlacht in Éirinn agus cistíocht ilbhliantúil ón AE aimsithe ag an Roinn do Chlár Caomhantais

20191218

D'fháiltigh Josepha Madigan TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu roimh an tuairisc go bhfuil €4.3m de chistíocht LIFE an AE á bhronnadh ar Sheirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne maidir le tionscadal atá dírithe ar fheabhas a chur ar staid caomhantais an Traonaigh in Éirinn. 

Tá an traonach ar liosta na speiceas atá faoi chosaint in Iarscríbhinn I le Treoir na nÉan.  Ba ghné coitianta de shaol na tuaithe in Éirinn an t-éan seo tráth ach tá ísliú 85% ar a líon ó na 1970idí i leith, agus cúngú mar a chéile tagtha ar a réimse, rud a fhágann gur i gCúige Chonnacht agus i nDún na nGall amháin, oileáin amach ón gcósta san áireamh, a bhíonn an t-éan le fáil níos mó.  Tá tábhacht chinniúnach maidir leis an speiceas in Éirinn le bearta taca i leith an Traonaigh sna réimsí tíre seo.

Luaigh an tAire gur

léiriú an chistíocht seo ar an tábhacht leanúnach atá le clár LIFE an AE maidir le cuidiú le rialtais náisiúnta tionscadail mhórscála atá dírithe ar réigiún nó ar cheantar faoi leith a chur chun cinn agus a thabhairt i gcrích, go háirithe i gceantair tuaithe nó i gceantair imeallacha. Mar gheall ar an gcistíocht seo, beidh ar acmhainn na Roinne, i gcomhar le páirtithe leasmhara eile ar fud an Rialtais agus sna comharsanachtaí atá i gceist, bearta praiticiúla den inmharthanacht a chur i gcrích a chuideoidh leis an speiceas, a bhfuil suntas leis i gcultúr na hÉireann, a thabhairt slán san am atá le theacht.

Dúirt an Ceann ar Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, Gerard Kiely,

Faoin togra seo, chun cur le staid caomhantais an Traonaigh, bainfear leas as maoiniú €4.3m faoi ionstraim maoinithe an AE don timpeallacht agus gníomhú ar son na haeráide: an clár LIFE. Is tosaíocht ollmhór é don Choimisiún Eorpach an bhithéagsúlacht a chosaint, go háirithe i gcomhthéacs Green Deal an Uachtaráin Ursula von der Leyen

Tá tús le cur le tionscadal LIFE Crex an Atlantaigh i mí Eanáir 2020 agus leanfaidh an obair go ceann 5 bliana le buiséad €5.9m. Cuirfear cistí ar fáil d'obair caomhantais ar láithreacha tionscadail i nDún na nGall, i Maigh Eo agus i nGaillimh.  Beifear ag obair i gcomhar le húinéirí talún, leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, le hÚdarás na Gaeltachta, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo agus Páirc Fhiadhúlra Fhóite agus é de sprioc leis an tionscadal ardú 20% ar líon na n-éan de chineál an Traonaigh sa bhliain 2018 a thabhairt i gcrích faoin mbliain 2024.

Ag fógairt na cistíochta di inniu, dúirt an tAire Madigan:

Is ábhar mór buartha ó thaobh cúrsaí caomhantais go bhfuil laghdú mar seo tagtha ar líon éan an Traonaigh in Éirinn. Ní mór cur chuige straitéiseach má tá an rath le bheith ar iarrachtaí speiceas a chaomhnú sa ghnáthóg nádúrtha.  Táimse tugtha don tionscadal seo lena léirítear caomhcheangal idir aidhmeanna straitéiseacha na Roinne maidir leis an oidhreacht nádúrtha a chaomhnú agus an bealach a réiteach d'fhorbairt inmharthana ar chomharsanachtaí oileáin agus tuaithe.

Thug Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD cuairt ar Oifig an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath inniu chun casadh le hionadaithe agus baill ó Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne a raibh baint acu le Clár Caomhnaithe an Traonaigh agus a bheidh gníomhach sa tionscadal seo.  Mhol an tAire Kyne an obair atá déanta acu agus dúirt 

tá moladh le tabhairt don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra as an obair chaomhnaithe, go háirithe sa réimse seo.  Is líne tarrthála thar a bheith tábhachtach atá sa tionscadal seo atá á mhaoiniú ag an AE faoi LIFE a chuirfidh ar chumas an NPWS na cuspóirí caomhantais a bhaint amach chun todhchaí an éin ghoir aitheanta seo a chosaint i gceantair thuaithe na hÉireann.

 

Nótaí don Eagarthóir

Buneolas faoin Traonach in Éirinn

Tá an traonach ar liosta na speiceas atá faoi chosaint in Iarscríbhinn I le Treoir na nÉan.  Síneann réimse goir an traonaigh i dtuaisceart an domhain as Éirinn go dtí an chuid den Rúis atá san Áise.  I ndeisceart agus in oirthear na hAfraice a chaitheann an traonach an geimhreadh.  Déanann sé imirce aneas leis na tailte goir a shroicheadh ó thús an Aibreáin ar aghaidh agus filleann ó dheas arís i mí Lúnasa agus i mí Meán Fómhair.  Mar gheall ar ísliú géar ar líon na n-éan agus cúngú mór ar an réimse a thaithíonn an traonach, tá sé ar Liosta na nÉan a bhfuil Ábhar Imní maidir lena gCaomhnú in Éirinn (BoCCI).

Ní mór bainistíocht a bheith ar ghnáthóg an traonaigh i rith shéasúr an ghoir.  Bíonn fásra ard (>20cm) de dhíth ar an traonach agus ceanglaítear an t-éan go mór le móinéir ar iondúil an barr a shábháil iontu uair sa bhliain i ndeireadh an tsamhraidh, an cineál ina ndéanann siad nead agus ina gcothaíonn siad iad féin.  Mar gheall ar an mbarr a bhaint gach bliain, cruthaítear mínleach oscailte ar furasta do na héin dul anonn is anall ann, ach fágann baint an fhómhair níos faide amach sa séasúr go mbíonn gá le malairt dídine cóngarach do na móinéir sin.   Bíonn tábhacht mhór dá réir sin leis an bhfeirmeoireacht maidir le gnáthóg an traonaigh a chruthú, a choinneáil ar fáil agus a chaomhnú.

 

Tugtar tuairisc sa mheasúnacht is deireanaí a rinneadh ar an Traonach in Éirinn, a cuireadh faoi bhráid le tuarascáil na hÉireann don AE faoi Airteagal 12 de Threoir na nÉan, gur tháinig ísliú 85% ar a líon ón mbliain 1978 anuas agus cúngú 92% ar a réimse.  Is iad na cúiseanna is mó leis an gcúlú suntasach seo ar staid caomhnúcháin an traonaigh ó na 1970idí i leith an t-athrú ón bhféar a shábháil go sadhlas a dhéanamh, aonchineálú na ngnóthas talmhaíochta, níos mó leasú a dhéanamh ar an talamh, athshíolú a dhéanamh ar thailte féaraigh meathnádúrtha agus an úsáid as cineálacha innealra níos mó agus níos éifeachtaí chomh maith le níos lú cosaint ón gcreachaireacht.

 

Is ábhar trom buartha nach mbíonn an Traonach ar fáil feasta taobh amuigh de Dhún na nGall agus d'iarthar Chúige Chonnacht, rud a fhágann tábhacht chinniúnach le bonn breise a chur faoin traonach sna réimsí sin a bhfuil sé ar fáil go fóill ann.

 

Bearta atá á ndéanamh faoi láthair d'fhonn an Traonach a chaomhnú

Tá scéimeanna ar bun ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra agus ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara d'fhonn an Traonach a shábháil:

https://www.npws.ie/farmers-and-landowners/schemes/npws-farm-plan-scheme-corncrake

https://www.npws.ie/farmers-and-landowners/schemes/corncrake-grant-scheme

https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/glas/

 

Tionscadal LIFE Crex an Atlantaigh

Cuspóir: Feabhas a chur ar staid caomhantais an Traonaigh in Éirinn trí fhorfheabhsú ar chraobhchóras limistéir SPA an Traonaigh agus ar an talamh feirme máguaird

Sprioc: 20% d'ardú, go dtí 154, ar líon na n-éan fireann imirce faoi dheireadh an tionscadail

Tréimhse: 5 bhliana

Bearta: caidreamh leis an bpobal, ceannach talún/cúiteamh, Grúpaí Malartú Eolais a chur i bhfeidhm d'fheirmeoirí, taighde agus aird agus tuiscint an phobail go ginearálta.

Suíomhanna: Ocht gcinn de láithreacha tionscadail, ar fud naoi gcinn de limistéir SPA agus talamh feirme comhcheangailte in aice láimhe, 4,378ha ar fad, le hobair chaomhnúcháin á déanamh ar 1,000ha de sin.

Abhantrach an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo

Abhantrach Inis Bó Finne & Oileán na Dúiche, Co. Dhún na nGall

Abhantrach Chionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall

Abhantrach Iarthar Dhún na nGall, Co. Dhún na nGall

Abhantrach Chionn Fhánada, Co. Dhún na nGall

Abhantrach Thoraí, Co. Dhún na nGall

Abhantrach Iomaí agus Thairbirt, Co. na Gaillimhe

Abhantrach Chnoc an Mharmair go Mín Lárach, Co. Dhún na nGall

 

Lucht Tairbhe an Tionscadail:

Is í an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a dhéanann comhordú i measc na n-eagraíochtaí eile a mbíonn tairbhe go díreach acu ón tionscadal:

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Páirc Fhiadhúlra Fhóite

Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo

Údarás na Gaeltachta

Clár LIFE an AE

Is faoin gclár LIFE a chuireann an tAE cistí ar fáil do bheartaíocht maidir le cúrsaí  timpeallachta agus cúrsaí aeráide. Is é atá de chuspóir go ginearálta le LIFE leas a dhéanamh maidir le beartas agus reachtaíocht an AE maidir le cúrsaí timpeallachta agus aeráide a chur i bhfeidhm trí chomhchistíocht a dhéanamh ar thionscadail a mbíonn breisluach leo ag an Eoraip.  Tá breis eolais ar fáil ar  http://ec.europa.eu/environment/life/index.htm

Tá comhordú déanta ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta roimhe seo ar thionscadail eile le cistíocht de chuid an AE faoi LIFE, ina measc LIFE Chiarraí, LIFE Árann, LIFE Bhoirne agus an Portach Beo.