Foilsithe ar 

Déanann an Taoiseach agus an tUachtarán Macron tairiscint chistithe do cheangal ríthábhachtach leictreachais Idirnascaire Ceilteach idir Éirinn agus an Fhrainc

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Sheol an Taoiseach, Leo Varadkar, agus Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, comhiarraidh ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach ina lorgaítear tacaíocht airgeadais do cheangal leictreachais an Idirnascaire Cheiltigh idir Éirinn agus an Fhrainc.

Chomhshínigh an Taoiseach agus an tUasal Macron litir inniu ag cruinniú na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil a d’iarr ar thacaíocht Jean-Claude Juncker don iarratas ar dheontas.

Cuirfidh an tidirnascaire Ceilteach an chéad nasc díreach ar fáil idir gréasán leictreachais na hÉireann agus mórthír na hEorpa, a mbeidh ríthábhacht leis don tírdhreach i ndiaidh Brexit. Gheall an Taoiseach agus an tUachtarán Macron le tabhairt faoin tionscadal ag an gcruinniú déthaobhach a cuireadh ar siúl le déanaí i bPáras.

Ag labhairt dó i ndiaidh an litir a shíniú, dúirt an Taoiseach: “Cabhróidh an tIdirnascaire Ceilteach le praghsanna leictreachais a laghdú, tacú le gníomhú ar son na haeráide, agus le slándáil fuinnimh níos fearr a sholáthar d’Éirinn. Tá ár dhá thír ag oibriú le chéile le cistiú AE a lorg do 60% de chostas foriomlán €1 billiún an tionscadail, agus is ó ioncam tráchtála a thiomsófar an t-iarmhéid.

Tá lúcháir orm gur chomhaontaigh an Fhrainc leis an iarratas ar dheontas seo a dhéanamh le hÉirinn, agus ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an Uachtarán Macron as a thacaíocht phearsanta. Léiríonn seo an caidreamh fiú níos dlúithe idir Éirinn agus an Fhrainc, a bheidh mar an gcomharsa is gaire le hÉirinn nuair a fhágann an RA. Cuirim fáilte, chomh maith, roimh an gcomhoibriú sármhaith idir údaráis rialála na hÉireann agus na Fraince.