Foilsithe ar 

Déanann an tAire Humphreys comhghairdeas le BurrenLIFE as an nGradam iomráiteach Glas a bhaint amach

Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., comhghairdeas le tionscadal BurrenLIFE na hÉireann as an nGradam iomráiteach GLAS a bhaint amach ag searmanas sa Bhruiséil ar an 30 Bealtaine a rinne comóradh ar 25 bliain den chlár LIFE. Tá tacaíocht faighte ag os cionn 4,500 tionscadal LIFE ar fud na hEorpa tríd an gclár LIFE ó 1992, agus tá €8.7 billiún infheistithe sa chomhshaol, sa dúlra agus sa ghníomhú ar son na haeráide sa tréimhse sin.
Ag an ócáid ar an 30 Bealtaine, agus tar éis vóta poiblí ar Facebook, bronnadh an Gradam Glas ar BurrenLIFE. Ní raibh ach dhá ghradam sa chatagóir seo.
Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Is aitheantas ón gCoimisiún Eorpach, agus ón iliomad duine ar fud na hEorpa a chaith vóta ar Facebook, é an Gradam Glas ar an obair iontach atá déanta ag tionscadal BurrenLIFE. Tá sé mar theist ar na blianta d’obair chrua atá curtha isteach ag foireann an tionscadail, ag an bpobal feirmeoireachta sa Bhoireann, agus ar an tacaíocht leanúnach atá tugtha ag foireann mo Roinne.
“Chuir BurrenLIFE na síolta do thionscadal a mbreathnaítear air anois mar thionscnamh ceannais agus mar ionsparáid idirnáisiúnta. Tá Clár Bhoirne ag forbairt agus ag fás i gcónaí agus is údar mórtais é do mhuintir Bhoirne agus do mhuintir na hÉireann ar fad.”
Roghnaigh an Coimisiún Eorpach 15 iar-thionscadal LIFE mar ainmnithe do na Gradaim Ghlasa chun comóradh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach ag LIFE. Roghnaigh giúiré na hainmnithe agus mhol na moltóirí tionscadal BurrenLIFE as an ‘tionchar thar barr a bhí aige ar thírdhreach faoi leith... rinne tionscadal na hÉireann ceannródaíocht ar chur chuige nua i leith na feirmeoireachta agus an chaomhantais’. Ba é BurrenLIFE an t-aon tionscadal Éireannach a cuireadh ar an mbun-ghearrliosta sa chatagóir Dúlra & Bithéagsúlachta, ar a raibh tionscadail as an mBulgáir, an Spáinn, an Bheilg agus an tSlóivéin.
Cuireadh síolta thionscadal BurrenLIFE ag deireadh na 1990idí mar thoradh ar chomhoibriú idir na feirmeoirí áitiúla agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Bhain an tionscadal féin triail as réitigh nuálacha ar dhúshláin a bhí le sárú ag feirmeoirí Bhoirne agus chruthaigh sé treoirphlean don fheirmeoireacht inbhuanaithe sa réigiún.
Tá an treoirphlean sin á chur i bhfeidhm anois trí Chlár Bhoirne, cur chuige atá bunaithe ar thorthaí i leith an chaomantais atá á mhaoiniú faoin gClár Forbartha Tuaithe. Tá buntáiste suntasach eacnamaíoch don réigiún ag teacht as an mbuiséad bliantúil de €3m agus tá an bhail atá ar thimpeallacht de c. 30,000ha de na gnáthóga is fearr san Eoraip feabhsaithe dá bharr.