Foilsithe ar 

Déanann an tAire atá Freagrach as Cosaint, Paul Kehoe, T.D., Athbhreithniú ar Shaighdiúirí Éireannacha atá ag imeacht chun fónamh leis an UNIFIL

Léirigh an tAire atá Freagrach as Cosaint, an tUasal Paul Kehoe, ómós inniu do chomhaltaí an 113ú Cathlán Coisithe a fhágfaidh sna seachtainí amach romhainn chun dul ag fónamh le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).  Rinneadh athbhreithniú ar chomhaltaí an 113ú Cathlán san Fhaiche Mhór, Gaillimh. 

20181026_Defence01

Ina aitheasc leis na saighdiúirí, dúirt an tAire,

Tá breis agus 600 comhalta againn de na Fórsaí Cosanta Buana atá ag fónamh i misin thar lear san Afraic, san Eoraip agus sa Mheánoirthear.  Léiriú an-phraiticiúil é an tiomantas seo don tsíocháin a choimeád ar na luachanna a gcreidimid iontu mar náisiún agus ár dtiomantas do na Náisiúin Aontaithe agus don iltaobhachas. 

 

Lean an tAire leis lena rá

Tuigim go maith go mbíonn oraibh oibriú faoi chúinsí a bhíonn deacair agus dúshlánach amanna fad a bhíonn sibh ag fónamh thar lear.  Is eol dom go dtabharfaidh pearsanra an 113ú Cathlán Coisithe faoi cheannaireacht an Leifteanantchoirnéil Keogh, faoin dúshlán atá rompu, faoi mar a bhfuil an-cháil ar Fhórsaí Cosanta na hÉireann a fhónann thar lear.

 

As 29 contae timpeall na hÉireann atá saighdiúirí an chathláin ina bhfuil líon 442 duine a imscarfar chuig an UNIFIL.  Chomh maith leis sin, imscarfar beirt phearsanra ó Fhórsaí Armtha Mhálta chuig an UNIFIL den chéad uair mar chuid de Chathlán na hÉireann. 

 

Thug an tAire Kehoe faoi deara go n-imscarfar fiche a haon pearsanra baineann mar chuid den Chathlán seo agus luaigh sé

Príomhghné inár n-oibríochtaí coimeádta síochána go léir is ea peirspictíocht láidir inscne a chur chun cinn. Tugaimse féin tús áite do leanúint le rannpháirtíocht bhaineann a mhéadú i ngrúpaí coimeádta síochána.  Cuireann láithreacht shuntasach bhaineann laistigh dár ngrúpaí go mór le coimhlint a réiteach agus nasc a dhéanamh le daonraí áitiúla.  Déanann sé na tacair scileanna a fhairsingiú laistigh de mhisean coimeádta síochána agus is tábhachtach go soláthraíonn sé eiseamláirí do mhná, sa bhaile agus thar lear araon.

Ghabh an tAire buíochas le teaghlaigh agus cairde don tacaíocht a thugann siad dóibh siúd a fhónann thar lear. 

Is rí-mhór agam agus ag an Rialtas an tacaíocht agus an spreagadh a thugann bhur dteaghlach agus cairde.  Is é a dtacaíocht a chuireann ar do chumas fónamh thar lear agus a chabhraíonn, leis sin, chun saol iomadúil roinnt de na daoine is boichte agus is leochailí ar domhan a chosaint agus a shábháil.

a dúirt sé.

Ar deireadh, ghuigh an tAire misean sábháilte agus rathúil ar an 113ú Cathlán Coisithe. 

Nóta d’Eagarthóirí

Tá baint ag Éirinn le fada an lá leis an UNIFL ó bunaíodh é i 1978.  Aistarraingíodh príomhchathlán na bhFórsaí Cosanta in 2001, i ndiaidh fónamh ar feadh 23 bliain leis an UNIFIL.  Rinne Éire grúpa a imscaradh arís eile chuig an Liobáin in 2006, ar feadh tréimhse 12 mhí, le complacht Innealtóireachta Fionlannach, i ndiaidh go ndeachaigh an naimhdeas in olcas, nuair a fairsingíodh Fórsa an UNIFIL go mór faoi shainordú na NA.  D’fhill cathlán Éireannach ar an Liobáin i samhradh 2011. 

Tagann an 113ú Cathlán Coisithe in ionad an 112ú Cathlán Coisithe a imscaradh chuig an Liobáin i mBealtaine 2018.  San UNIFIL, cuirfidh an Cathlán Éireannach tacaíocht dhaingean phatrólaithe ar fáil d’Fhórsaí Armtha na Liobáine agus cosaint ar fáil don daonra áitiúil ó láthair a bpríomh-Cheanncheathrún i bPost 2-45 na NA.  Anuas air sin, daingneoidh agus glacfaidh pearsanra Éireannach le poist bhreathnóireachta feadh na Líne Goirme.