Foilsithe ar 

Deontas breise €450,000 thar trí bliana ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne T.D., inniu, 3 Nollaig 2018, go bhfuil ardú €450,000 thar thréimhse 3 bliana ceadaithe aige do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) chun tacú tuilleadh leis an earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá an t-allúntas seo sa bhreis ar an allúntas trí bliana arbh fhiú suas le €810,000 é a cheadaigh an Roinn do CNNG i mí Meithimh seo caite.
Is i gcomhréir le beart 2.11 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an t-allúntas breise seo á cheadú don eagraíocht.
Is chun gníomhaíochtaí breise a chuideoidh le feidhmiú an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon, atá mar chuid lárnach d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais a úsáidfear an t-allúntas seo. Bainfidh CNNG leas as an allúntas breise chun:
Beirt oifigeach breise a fhostú;
Glacadh le 3 sheirbhís luathoideachais breise faoin Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile SSRI a bheidh á riar feasta ag an eagraíocht - thar ceann na Roinne;
Breis gníomhaíochtaí trí Ghaeilge a chur ar fáil chomh maith le forbairt agus soláthar a dhéanamh ar ábhar feasachta.
Is sa bhreis ar an tacaíocht bhliantúil - ar fiú €535,000 é in 2018 a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil do Comhar Naíonraí na Gaeilge atá an t-allúntas iomlán trí bliana - ar fiú €1,260,000 é á cheadú.
I dteannta leis an allúntas seo a bheidh ar leas ghnóthaí luathbhlianta sa Ghaeltacht d’fhógair an Roinn sa samhradh go bhfuil an t-uasleibhéal cúnamh caipitil atá ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne i leith áiseanna san earnáil ardaithe ó 80% go dtí 95%.
Dúirt an tAire Stáit: “De thoradh na hinfheistíochta breise seo, tá céim mhór eile chun tosaigh tógtha, a bheidh ar leas theaghlaigh óga na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhaith leo é sin a dhéanamh. Ní amháin go dtagann sé seo uilig lena bhfuil geallta sa Phlean Gníomhaíochta ach tagann sé chomh maith le cuspóirí An Chéad 5 - Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh 2019-2028, a d’fhoilsigh mo chomhghleacaí Rialtais an tAire Zappone le gairid. Leis an gcúnamh breise seo beidh Comhar Naíonraí na Gaeltachta in ann freastal níos fearr fós ar ghnóthaí luathbhlianta fud fad na Gaeltachta, rud a bheidh chun sochair phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.”


Nóta don eagarthóir:
Cheadaigh an Roinn allúntas €810,000 thar tréimhse 3 bliana do CNNG Meitheamh seo caite chun:
Beirt oifigeach cúnta breise a fhostú;
8 sheirbhís bhreise a ghlacadh ar lámh in 2018, 6 sheirbhís in 2019 agus 6 sheirbhís in 2020 (20 in iomlán)
riaradh a dhéanamh ar Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile SSRI thar ceann na Roinne
Tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do 20 seirbhís a bhíonn ag feidhmiú trí Bhéarla chun úsáid na Gaeilge a spreagadh ina seirbhísí agus é seo a mhéadú go 30 in 2019 agus go 40 in 2020
Feasacht a fhorbairt agus cumarsáid a dhéanamh le 2,500 tuismitheoir;
Treoir a chur ar fáil do naíonraí agus nasc a chothú leis na bunscoileanna Gaeltachta.