Foilsithe ar 

Deontas suas le €10,500 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do CLG Lios Póil chun obair ag an bpáirc imeartha a chur i gcrích

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (luaigh dáta), go bhfuil deontas suas le €10,500 nó 70% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do CLG Lios Póil chun obair ag an bpáirc imeartha a chur i gcrích.

Cheadaigh an Roinn deontas de €45,500 do CLG Lios Póil in 2016 chun cur ar a gcumas seastán nua agus bosca tráchtaireachta a thógáil ag a bpáirc imeartha i nGarraí na dTor.  Mar gheall ar oibreacha breise a bheith le cur i gcrích ag an bpáirc chun coinníollacha a bhaineann le cúrsaí rochtana agus sábháilteachta, tá ardú de €10,500 ceadaithe don chumann anois Ii gcomhair na n-oibreacha sin.

Is cúis áthais dom a bheith ábalta maoiniú a cheadú don chumann seo,

a dúirt an tAire Stáit Kyne.

Is áis thábhachtach í an pháirc seo don cheantar agus cuidíonn an cumann seo go mór le cur chun cinn na Gaeilge trí dheiseanna a thabhairt do ghrúpaí éagsúla an pháirc a úsáid – coláistí samhraidh Gaeilge agus campaí samhraidh Gaeilge ina measc.

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.