Foilsithe ar 

Deontas suas le €13,200 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Choiste Pháirc an Chathánaigh chun lomaire féir a cheannach chun an pháirc a choinnéail gearrtha

D’fhógair Sean Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (12 December), go bhfuil deontas suas le €13,200 nó 80% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do Choiste Pháirc an Chathánaigh chun lomaire nua a cheannach chun an pháirc ar an gCeathrú Rua, i gCo. na Gaillimhe, a choinneáil gearrtha.
“Tá an-áthas orm an deontas seo a cheadú don choiste gníomhach seo,” a dúirt an tAire Stáit Kyne. “Tá áiseanna spóirt den scoth ar fáil ag Páirc an Chathánaigh agus iad ar fáil do na cumainn agus na scoileanna áitiúla ar fad. Tá súil agam go dtabharfaidh an maoiniú seo cúnamh dóibh chun an pháirc a choinneáil i gcaoi mhaith."
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.